Céalantrátach muirí, aonarach de ghnáth, le colainn shorcóireach, greamaithe ag a bun le foshraith éigin, ciorcal d'adharcáin ar an mbarr timpeall an bhéil. Maireann cineálacha áirithe i gcoilíneachtaí. Timpeall 800 speiceas ann, ón gcrios idirthaoideach go dtí na doimhneachtaí duibheagánta.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBundún leice
Actiniaria Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtEumetazoa
FíleamCnidaria
AicmeAnthozoa
OrdActiniaria Cuir in eagar ar Wikidata

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an mbundún leice mar a leanas ina leabhar Cladaí Chonamara:

Ni mór nach cosúil le ceaig beag é an bundún leice, a bheadh ina shuí ar an gcarraig, an t-éadan uachtair bainte amach agus mar a bheadh ancard beag thíos ann... Bíonn cuid acu cúpla troigh ar airde, agus tuilleadh nach bhfuil chomh mór le hubh dhreoilín, cuid acu a mbíonn deilgne láidre bríomhara orthu agus cuid nach bhfuil orthu ach cluimhreach lag... Tá scoilteadh trasna a n-uachtar agus mar a bheadh méaracha beaga, caola ag éirí amach agus ag sú isteach ó am go ham. Is leo sin a mharaíos sé an dream beag díchéillí nach bhfanann uaidh amach... Bíonn an-tóir ag faoileáin ar an gcuid bheag acu; crochann siad suas sa spéir leo an ceann a bhaineas siad den chloch, agus scaoileann siad anuas ar mhullach crua carraige é le hé a bhriseadh.. Níl aon mhaith in aon chineál acu le haghaidh baoite iascaigh, ná mar bheatha duine.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Bundún leice". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 99.
  2. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (Eagrán nua ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.