Is gluaisteán é bus a thaistealaíonn ar bhóithre ina mbíonn slí iontu do líon mór daoine. Iompraíonn busanna daoine i gcathracha agus bailte agus idir chathracha. Is pléascinneall a chuireann bus chun siúl.

Benz-Omnibus, 1896
Bus le dhá chlár

Bíonn suíocháin istigh sa bhus ionas gur féidir leis an lucht taistil suí fad is atá siad ag taisteal ar an mbus. Má tá siad ag taisteal achar gearr ar bhus i gcathair, tá slí ann dóibh chun seasamh fad agus atá siad ag taisteal ar an mbus.