B’údar úrscéil agus drámaí í Cáit Ní Bhriain (1897-1974) (Kate O’Brien as Béarla) a scríobh as Béarla.

Infotaula de personaCáit Ní Bhriain

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Nollaig 1897
Luimneach, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Lúnasa 1974
76 bliana d'aois
Canterbury, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Galar)
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, iriseoir, drámadóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
Duine muintearthaKathy Rose O'Brien (grandniece (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0639640 Allocine: 147595 Allmovie: p313579 IBDB: 7055 Cuir in eagar ar Wikidata
Áras Bóirmhe, Sráid Mhulgrave, Luimneach i mí Aibreáin 2007, áit bhreithe Cháit Ní Bhriain sa bhliain 1897.

Óige cuir in eagar

Rugadh i Sráid Mhulgrave i gCathair Luimnigh í ar an 3ú Nollaig 1897. Ba thógálaí é a hathair agus tá tigh an teaghlaigh, Áras Bóirmhe, fós ina sheasamh ós comhair Ospidéal Meabhar-Ghalar Sheosaimh. D’éag a máthair in aois a cúig bhliana di.

Chuaigh sí ar mheánscoil Cnoc na Labhras sa chathair.

Tar éis di freastal ar Choláiste Ollscoil Bhaile Átha Cliath, thosaigh sí ag obair leis an Manchester Guardian, nuachtán i Manchain, Sasana.

Saol i Sasana cuir in eagar

Cuireadh a céad dráma Distinguished Villa: A Play in Three Acts ar stáitse sa bhliain 1926. Foilsíodh a céad úrscéal Without My Cloak cúig bliana ina dhiaidh.

Ba leis an úrscéal The Ante Room a bhain sí mór-chlú amach sa bhliain 1934. Bhain roinnt dá scríbhinní le téama an leisbeachais. Dá bharr sin, cuireadh cosc ar fhoilsiú a h-úrscéalta Mary Lavelle agus The Land of Spices in Éirinn. Mhair an cosc go dtí blianta na 1970í.

Níor phós sí riamh agus chaith sé an chuid is mó dá saol i Sasana. D'oibrigh sí le seirbhísí eolais na Breataine le linn An Dara Cogadh Domhanda.

Bhuail an niúmóine í agus d’éag sí i gcathair Canterbury, Kent ar an 13ú Lúnasa 1974, in aois 76 di.

Oidhreacht cuir in eagar

 
Leabharlann Glucksman

Tá bailiúchán mór da scríbhinní le feiscint i Leabharlann Glucksman in Ollscoil Luimnigh. Ath-fhoilsíodh a húrscéal deireanach As Music and Splendour(1958) sa bhliain 2005. Tagann slua mór gach bliain chun freastal ar dheireadh Seacthaine Cháit Ní Bhriain in Ollscoil Luimnigh.

Scríbhinni cuir in eagar

  • Distinguished Villa: A Play in Three Acts (1926)
  • Without My Cloak (1931)
  • The Ante-Room (1934)
  • Mary Lavelle (1936) (as ar dheineadh an scannán, Talk of Angels, 1998)
  • Farewell Spain (1937)
  • Pray for the Wanderer (1938)
  • The Land of Spices (1941)
  • The Last of Summer (1943)
  • That Lady (1946) (As ar dheineadh an seó Broadway i 1949 agus an scannán i 1955)
  • Theresa of Avila (1951)
  • The Flower of May (1953)
  • As Music and Splendour (1958)
  • My Ireland (1962)
  • Presentation Parlour (1963)

Tagairtí cuir in eagar