Baineann cál, ar a dtugtar chabáiste duilleach freisin, le grúpa cabáistí (Brassica oleracea) saothróga a fhástar as a nduilleoga inite, cé go n-úsáidtear cuid acu mar ornáideacha. Bíonn na duilleoga simplí nó catach, glas nó corcra agus ní chruthaíonn na duilleoga lárnacha ceann (mar atá le cabáiste ceannach). Meastar go bhfuil cáil níos gaire do chabáiste fiáin ná an chuid is mó den iliomad foirmeacha ceansaithe de Brassica oleracea. Tá sé díorthaithe ó mhustard fiáin.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCál
Brassica oleracea var. sabellica Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdBrassicales
FineBrassicaceae
GéineasBrassica
SpeiceasBrassica oleracea
CineálBrassica oleracea var. sabellica Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Brassica oleracea var. acephala Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht cuir in eagar

Eascraíonn 'cál' as "caulis" an focal Laidine le haghaidh 'cabáiste'.[1][2]

Stair cuir in eagar

 
Páistí ag bailiú duilleoga de chál dearg na Rúise (Brassica napus var. pabularia) i ngairdín teaghlaigh

Tháinig cál ó oirthear na Meánmhara agus na hAnatóile, áit ar saothraíodh é mar bhia ag tosú faoin mbliain 2000 RCR ar a dhéanaí.[3] Bhí cineálacha catacha ann cheana féin mar aon le cineálacha duilleog cothrom sa Ghréig sa 4ú haois RCR. Meastar gurb iad na foirmeacha seo, ar thagair na Rómhánaigh dóibh mar chál Saibíneach, sinsear na gcál comhaimseartha.

Tagairtí cuir in eagar