Céad Impireacht na Bulgáire

Ag tús na 680idí, tháinig na treibheanna Bulgáracha faoi threoir Asparukh na Bulgáire aduaidh trasna na Danóibe agus chuir siad fúthu sa tír idir an Danóib Íochtair agus an abhainn na Balcáine, le príomhbhaile acu in Pliska.[1][2] Chuir conradh síochána leis an Impireacht Bhiosántach sa bhliain 681 tús le Céad Impireacht na Bulgáire. Mheasc na Bulgáraigh leis na daoine a bhí ann cheana, agus d'éirigh teanga den Shlávaic Theas ina teanga comónta.[3]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCéad Impireacht na Bulgáire
Първo българско царство (bg) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 43°24′N 27°06′E / 43.4°N 27.1°E / 43.4; 27.1

PríomhchathairPliska, Veliki Preslav, Scóipé agus Ohrid Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Teanga oifigiúilBulgar (en) Aistrigh
An tSean-Slaivis Eaglasta
Gréigis na Meánaoise Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAn Chríostaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú681
Díscaoileadh1018
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisuathlathas Cuir in eagar ar Wikidata
Krum Cán, a mhaithe agus a uaisle ag féasta tar éis Chath Pliska. Ar dheis feictear searbhónta ag tabhairt fíon do Khan Krum i mblaosc Nicephorus I.

Neartaigh na rialtóirí a tháinig ina dhiaidh sin stát na mBulgárach le linn na 8ú agus 9ú céadta. Mhéadaigh Krum Cán achar na himpireacht faoi dhó agus, é sin á chur i gnímh aige, mharaigh sé Nicephorus I, impire Bhiosáintiam i gcath Pliska.[4] Chuir Krum cód dlíthe ar bun. Díobhadh an pagánachas i bhfabhar Críostaíocht Cheartchreidmheach an Oirthir faoi riail Boris I sa bhliain 864.

Chéad Impireacht na Bulgáire ag druidim ar dheireadh an 10ú céad

Ar shála an iompaithe chuig an gCríostaíocht, d'aithin Biosáintiam an eaglais Bhulgárach agus glacadh an aibítir Choireallach a d'fhorbair Preslav. Neartaigh sin an t-údarás lárnach san impireacht agus chuidigh sé le haontú na mBulgárach agus na Slávaigh eile sa tír. Bhí riail 34 bliana Shíomóin Mhóir ina ré órga ó thaobh chúrsaí cultúir agus méadú an limistéir faoin stát.

Tagairtí cuir in eagar

  1. History of the First Bulgarian Empire. Period of Hunnic-Bulgarian domination (679-852). Zlatarski, Vasil (i mBulgáiris), lch. 188, 1938 Dáta rochtana: 23 Bealtaine 2012
  2. Runciman, Steven (1930). "A History of the First Bulgarian Empire". G. Bell and Sons. 
  3. Ivanov, Lyubomir (2007). "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}": 2–3. Bulgarian Academy of Sciences. Dáta rochtana: 31 July 2012. 
  4. "Krum (Bulgar khan)". Encyclopædia Britannica.