Gimnispeirm thrópaiceach nó fhothrópaiceach, cosúil le pailm. An stoc gan ghéaga de ghnáth, armúrtha le seanbhuin duilleog nó iarmhair cosúil le coilm, le coróin duilleog crua cleiteach. Na bláthanna iompartha ar chóin scoite fhireanna is bhaineanna, agus na cóin bhaineanna an-mhór. Tuigtear gurb iad na gimnispeirmeacha na plandaí síl beo is ársa dá bhfuil ann, a tháinig chun cinn déanach sa ré Phailéasóch. Meastar go bhfuil gaol acu le raithneach síl, grúpa plandaí iontaisithe a bhí ceannasach sa tréimhse Thriasach. Fásann na stoic go mall, agus bíonn smúsach mór stáirseach ina gcroíleacáin a tháirgeann ság i gcuid de na speicis.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCíocáid
Cycadales Cuir in eagar ar Wikidata

Cycas circinalis Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
AicmeCycadopsida
OrdCycadales Cuir in eagar ar Wikidata
Bercht. agus J.Presl, 1820
Ainmníocht
Ex taxon author (en) AistrighPers. Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cíocáid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 137.