Círéibeacha Detroit 1967

Idir 23-25 Iúil 1967, tharla círéibeacha agus sléacht i Detroit, Michigan. Fuair 43 bás (daoine gealaː 10 agus daoine gormaː 33).[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCíréibeacha Detroit 1967
Íomhá
Map
 42°22′35″N 83°05′58″W / 42.376388888889°N 83.099444444444°W / 42.376388888889; -83.099444444444
Cineálethnic riot (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deLong Hot Summer of 1967 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse23 - 28 Iúil 1967
SuíomhLondres Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna43 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe1,667 Cuir in eagar ar Wikidata


1942

Cúlra cuir in eagar

Ó 1915 go 1970 d’aistrigh tuairim is sé mhilliúin duine den chine gorm ó cheantair thuaithe an deiscirt go cathracha an tuaiscirt. Tugadh " The Great Migration" air. Ní nach ionadh chothaigh seo míshuaimhneas agus teannas le geiteonna bochta duairce á maoirsiú ag póilíní bána a raibh dearcadh ciníoch ag a bhformhór.

Bhí Detroit ina cathair láidir bhríomhar agus ise ag fás aníos. Buaiteoir domhanda a bhí inti lena cuid carranna, lena cuid ceol Motown. Ach ag an am céanna, faoi na 1960í, bhí cathracha ar nós Detroit ar tinneall.[2]

 
Detroit Historical Museum inniuː tá cnuasach an-mhór cáipéisí stairiúla ag an iarsmalann[3]

Imeachtaí cuir in eagar

Cuireadh an lasair sa bharrach ansin ar an 23 Iúil nuair a dhein na póilíní ruathar fíochmhar faoi shíbín. Ansin bhris círéibeacha amach le ragairne santach na bhfoghlaithe sráide.

Creachadh agus léirscriosadh na siopaí, na tithe eachtrannacha. Díoltas na mbocht a bhí ann.[4]

 
ː24 Iúil 1967 san oifig ovalː Lyndon B. Johnson agus ó chlé go deas Marvin Watson, J. Edgar Hoover, Sec. Robert McNamara, Gen. Harold Johnson, Joe Califano, agus Stanley Resor.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Financial Times (2017). "The riots that shook America: Detroit 50 years on". www.ft.com. Dáta rochtana: 2020-07-23.
  2. Breandán Mac Gearailt. "Scannán gruama, corraitheach lán macallaí é Detroit" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-23.
  3. "Detroit Historical Society | Where the past is present". detroithistorical.org. Dáta rochtana: 2020-07-23.
  4. Sylvia Bledow. "'An Scríob" Feasta - alt 5". www.feasta.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-19. Dáta rochtana: 2020-07-23.