Is dream eitneach Meiriceánach Dúchasach iad na Cómáinsí (Comanche: Nʉmʉnʉʉ) a shíolraíonn ó na Machairí Móra in iarthuaisceart Texas, oirthear Nua-Mheicsiceo, oirdheisceart Colorado, iardheisceart Kansas, iarthar Oklahoma agus tuaisceart Chihuahua. I Stáit Aontaithe Mheiriceá an lae inniu, tugtar aitheantas oifigiúil orthu mar an Náisiún Cómáinsí le ceanncheathrú acu i Lawton, Oklahoma.

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaCómáinsí

Cineáltreibh
Daonra iomlán14,700 Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaComanche (en) Aistrigh
Creideamhanamachas, Native American Church (en) Aistrigh agus An Chríostaíocht
Tíreolaíocht
StáitStáit Aontaithe Mheiriceá

"Tiarnaí na Machairí Móra" a thugtaí orthu. Síolraíonn ainm na treibhe ón teideal a thug na hUte orthu: kɨmantsi ("namhaid").