Córas comhordanáideach sféarúil

Sa mhatamaitic, is éard is córas comhordanáideach sféarúil' ann ná córas comhordanáideach le haghaidh spáis thríthoisigh, áit ina mbíonn suíomh na rinne sonraithe ag trí uimhir: achar gathach na rinne ó bhunphointe seasta, a uillinn pholacha tomhaiste ó threo fhorair sheasta, agus asamat de chuid a theilgin ortagánaigh, ar phlána tagartha a théann tríd an bunphointe agus atá ortagánach chuig an fhorair, tomhaiste ó threo seasta tagartha ar an phlána sin. Is féidir é a thuiscint mar an leagan tríthoiseach den chóras comhordanáideach pholach

Comhordanáidí sféarúla (r, θ, φ) mar a a úsáidtear go coitianta i bhfisic<nowiki> (coinbhinsiún EIC): achar gathach r, uillinn pholac θ (téite), agus an t-asamat φ (). Is minic go n-úsáidtear an tsiombail  ρ () in ionad r.
Comhordanáidí sféarúla (r, θ, φ) go minic mar a úsáidtear iad sa mhatamaitic: achar gathach r, an t-asamat θ, agus an uillinn pholac φ. Malartaíodh bríonna θ agus φ  i gcomparáid le choinbhinsiún na fisice.