Córas fiseolaíoch chun domlas a tháirgeadh, a stóráil, a thiubhú is a iompar, a chuimsíonn an t-ae, máilín an domlais, agus duchtanna áirithe. Draenálann an domlas a dhéantar san ae isteach i nduchtanna heipiteacha, agus uathu sin tríd an ducht cisteach isteach i máilín an domlais. Spreagann ionghabháil bianna sailleacha tál an domlais as an máilín agus isteach trí dhuchtanna domlasacha cisteacha is comónta, mar a meascann sé le heinsímí díleácha ón bpaincréas. Uaireanta cruthaítear clocha domlais sa mháilín nó na duchtanna dromlasacha a chuireann bac le rith an domlais tríd an gcóras, agus fulangíonn duine pianta is míchompord dá bharr (coiliceam domlasach).[1]

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCóras domlasach
Sonraí
Laidinductus choledochus
Aitheantóirí
MeSHD001652
TAA05.8.02.013
A05.8.01.062
A05.8.01.065
FMA9706 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/bile-duct
Téarmaíocht anatamaíoch

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Córas domlasach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 170.