Córas ríomhaire a fheidhmíonn ar eolas, eagraithe ina thacar rialúchán, mar mhalairt ar fheidhmiú ar shonraí. Úsáidtear é mar mhacasamhail nó aithris ar phróisis an duine i gcinneadh ar chomhairle nó breith: mar shampla, i ndiagnóisiú sa mhíochaine, nó measúnú san achtúireacht. Luaitear an tacar rialúchán a mbíonn an córas ag feidhmiú air mar bhunachar eolais, mar mhalairt ar bhunachar sonraí.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Córas eolasbhunaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 171.