Cúnamh Éireann (gníomhaireacht stáit forbartha idirnáisiúnta)

(Athsheolta ó Cúnamh Éireann)

Clár Rialtais na hÉireann maidir leis an bhforbairt thar lear, atá ag obair chun an bhochtaineacht agus an t-ocras a laghdú ar domhan, is ea Cúnamh ÉireannIrish Aid as Béarla.[1][2]

Bosca Sonraí EagraíochtaCúnamh Éireann
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1974
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtAn Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Cuir in eagar ar Wikidata
An Roinn Gnóthaí Eachtracha, Teach Uíbh Eachach

Tá an clár á bhainistiú ag Rannóg an Chomhair um Fhorbairt de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Tá a gcuid oibre bunaithe ar an bPáipéar Bán ar Chúnamh Éireann, ina gcuirtear an comhrac in aghaidh an ocrais agus na bochtaineachta ar fud an domhain ag croílár bheartas eachtrach na hÉireann.    

Is é an aidhm atá lena chuid clár cúnaimh an bhochtaineacht agus an t‑ocras a laghdú, go háirithe san Afraic fho-Shahárach san áit is mó gátar.  Trí thacú le forbairt fhadtéarmach agus cabhair dhaonnúil a sholáthar in os cionn ochtó tír thar ceann mhuintir na hÉireann, tá Cúnamh Éireann ag iarraidh cabhrú chun todhchaí níos fearr a thógáil do chuid de na pobail is boichte ar domhan. Cé go dtacaíonn Cúnamh Éireann le hobair i líon mór tíortha ar fud an domhain forbraíochta, is ar an Afraic fho-Shahárach is mó atá siad dírithe- go háirithe An Aetóip, An Mhaláiv, An Chéinia, Mósaimbíc, Siarra Leon, An Tansáin, Uganda, Vítneam agus An tSaimbia

Oibríonn Cúnamh Éireann le bpairtnéirí ins na dtíortha ina n-oibríonn siad, pairtneirí ar nós EU AID agus na Náisiúin Aontaithe.

Is tacadóirí iad Cúnamh Éireann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ag na Náisiúin Aontaithe a bhaint amach agus in 2019 d'fhoilsigh siad beartas nua le aghaidh stiúradh a gcuid obair de sna mblianta atá amach romhainn darb ainm Domhan Níos FearrA Better World as Béarla.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Maidir Linne - Department of Foreign Affairs" (ie). www.irishaid.ie. Dáta rochtana: 2021-04-24.
  2. worldwiseschools.ie. "OIDEACHAS SAORÁNACHTA DOMHANDA LÁMHLEABHAR AN MHÚINTEORA". Dáta rochtana: 2021.