Áth Dara
Béarla: Adare
Bunaithe: 1906
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Sinsear
Iomáint: Sinsear
Dathanna: Dearg is dubh
Páirc: Bhóthar na Mainistir Duibhe, Áth Dara, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Áth Dara.

Suíomh cuir in eagar

Tá sé bunaithe i bparóiste Áth Dara in lár Chontae Luimnigh ar bhruach theas Abhann na Máighe, 22km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó bhaile Áth Dara agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós An tSeantsráid, Caisleán Riobáird agus Cluain Searbhóg.

Cluichí cuir in eagar

Cé go bhfuil traidisiún na hiomána níos láidre sa cheantar, imríonn Áth Dara peil agus iomáint sa ghrád sinsear. Is é Clochán an t-aon chlub eile sa chontae a bhfuil foireann sa phríomhghrád acu sa dá chód.

Stair cuir in eagar

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá páirc imeartha Áth Dara suite ar Bhóthar na Mainistir Duibhe, 500m ó lár an bhaile.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc imreoirí cáiliúla an chlub, tá an tiománaí Marcus Ó Foghlú (Mark Foley) a roghnaíodh mar Sárimreoir na mblianta 1996 agus 2001 agus an peileadóir Stiofán Ó Laimhín (Stephen Lavin) atá ar fhoireann sinsear an chontae faoi láthair.


Naisc sheachtracha cuir in eagar

 
Áth Dara v Baile Stiabhana, Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh i bPáirc na nGael ar an 8ú Bealtaine 2009.

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).