CLG An tAthair Ó Cathasaigh

An tAthair Ó Cathasaigh
Béarla: Father Caseys
Bunaithe: 1884
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Sinsear
Iomáint: -
Dathanna: Gorm is bán
Páirc: Mainistir na Féile, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG An tAthair Ó Cathasaigh.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Mhainistir na Féile in Iarthar Chontae Luimnigh, ar theorainn Chontae Chiarraí 65km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá n-imreoirí as baile Mainistir na Féile féin, as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós An Drom Tarsna, Cnoc na Sionnach, Cill Conléith agus Bealach Beithe agus as paróiste Teampall an Ghleanntáin.

Cluichí cuir in eagar

Ós rud é ná fuil traidisiúin na hiomána chomh láidir sin sa cheantar, imrítear ach peil amháin sa chlub. Cé ná fuil sé nasctha le haon club ar leith i gcomhair na ha hiomána, imríonn formhór iománaithe Mainistir na Féile le Teampall an Ghleanntáin nó le Tuar na Fola.

Stair cuir in eagar

Téann stair an chlub siar go dtí an bhliain 1884 nuair a chláraigh sé faoin ainm Mainistir na Féile agus tá sé ag imirt peile gan stad ón lá sin. Ba é an sagart cáiliúil náisiúnach tAthair Liam Ó Cathasigh, a d’eagraigh comórtaisí lúthchleasaíochta agus peile sa pharóiste sular bhunaíodh Cumann Lúthchleas Gael go hoifigiúil, an chéad cathaoirleach.

Ba chlub láidir peile í Mainistir na Féile le linn blianta tosaigh CLG agus d'imríodar i gcomórtaisí a eagraíodh in Iarthar Chontae Luimnigh agus i gContae Chairraí. Lean slua mór agus banna práis cáiliúil Mainistir na Féile na peileadóirí go dtí Ráth Caola i gcomhair cluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh na bliain 1898 ach bhuaigh Na Trádálaithe orthu an lá sin. Bhí orthu cluichí cenannais na bliana 1900 (i gcoinne Úlla), 1904 agus 1911 (an bheirt i gcoinne Na Trádalaithe) a chailliúint chomh maith sular tháinig an corn chucu faoi dheireadh sa bhliain 1914 nuair a bhuadar ar Na Trádálaithe. Chosnaíodar an teideal sa bhliain dár gcionn nuair a ghéill Na Trádálaithe dóibh gan imirt.

Tá tuairisc ann faoi chomórtas iomána a eagraíodar i Mainistir Féile inar bhuadar cluiche i gcoinne Móin na nGé ach, lasmuigh de sin, is beag tagairt a bhfuil ann don iomáint i stair an chlub.

Ba iad An Gleann na peileadóirí ba láidre in iarthar an chontae le linn blianta na 1920í agus bhí ar Mhainistir na Féile fanacht go dtí an bhliain 1932 i gcomhair an chéad bua eile nuair a sháraíodar ar Chill Beithine i gcluiche ceannais an chontae. Ba iad blianta 1940í an tréimhse ba thorthúile i stair an chlub agus tháinig an corn ar ais chuig Mainistir Na Féile sna blianta 1941, 1942 agus 1947.

Cé gur éirigh leo Craobh Peile Mionúir an Chontae a bhuachaint faoi dhó le linn blianta na 1950í agus an corn faoi-21 sna blianta 1969 agus 1972, ní raibh aon ádh acu i gcomórtaisí fásta ar feadh daichead bliain i ndidaidh ré órga blianta na 1940í. Le linn an ama sin, athraíodh ainm an chlub go dtí An tAthair Ó Cathasaigh in onóir a bhunaitheora. Nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae sa bhliain 1988, b’éigean dóibh titim síos go dtí peil idirmheánach. Ach d’athraigh an scéal sa bhliain 1991 nuair a bhuadar na Craobhacha Peile Idirmheánach, Faoi-21 agus Mionúir an Chontae sa bhliain chéanna.

Bhí orthu cluichí ceannais na bliana 1994, 1995, 1996 agus 1998 a chailliúint sular tháinig Craobh Sinsear an Chontae ar ais chuig Mainistir na Féile i ndiaidh buachaint ar Drom Chollachair/Béal an Átha sa bhliain 2000. Ghabhadar an corn don ochtú uair sa bhliain 2006 tar éis Naomh Seanán a chloí sa chluiche ceannais.

Tá clú mór bainte amach ag An Athair Ó Cathasaigh i gcomótaisí na n-óg. Tá corn mionúir an chontae buaite acu faoi sheacht agus an corn faoi-21 faoi chúig. Agus i ndiaidh dóibh Craobh Peile Sóisear A an Chontae a ghabháil sa bhliain 2007, b'iad An tAthair Ó Cathasaigh an chéad chlub riamh i gContae Luimnigh a raibh foireann peile sinsear agus idirmheánach acu ag an am céanna.

Páirc Imeartha cuir in eagar

Rud aisteach faoi An tAthair Ó Cathasaigh ná go bhfuil a pháirc imeartha suite i gContae Chiarraí. Osclaíodh í le linn blianta na 1990í i Máigh Inse ar bhruach thiar Abhann na Féile ar bhóthar Lios Tuathail agus tógadh pailliún mór ar an suíomh le linn na mblianta dár gcionn.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc peileadóirí cáiliúla an chlub, tá Seosamh Mac Mílis (Joe Myles), captaen foireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Peile Mionúir na Mumhan sa bhliain 1956 agus Pádraig de Brún (Pádraig Browne), ball foireann sinsear an chontae le linn blianta na 2000í.


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).