Baile Stiabhana
Béarla: Ballysteen
Bunaithe: 1884
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Sinsear
Iomáint: -
Dathanna: Glas is ór
Páirc: Sráid na hEaglaise, Eas Géibhtine, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Baile Stiabhana.

Suíomh cuir in eagar

Tá sé bunaithe i bparóiste Eas Géibhtine/Baile Stiabhana in Iarthar Chontae Luimnigh ar bhruach theas Bhéal na Sionainne, 28km siar ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór dá imreoirí ó shráidbhaile Baile Stiabhana, ó bhaile Eas Géibhtine agus ó na ceantracha tuaithe máguaird ar nós An Bán Riamhach, Máigh an Iarla agus Cluain Riasc.

Cluichí cuir in eagar

Imrítear ach peil sa chlub agus tá sé nasctha le Eas Géibhtine i gcomhair na hiomána.

Stair cuir in eagar

Páirc Imeartha cuir in eagar

Níl aon páirc dá gcuid féin ag Baile Stiabhana agus baintear úsáid as páirc imeartha Eas Géibhtine atá suite ar Shráid na hEaglaise i mbaile Eas Géibhtine.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc peileadóirí cáiliúla Baile Stiabhana, tá Antóin Ó Móráin (Anthony Moran) a bhí ar fhoireann Luimnigh le linn blianta na 1980í agus Seán Ó Gallachóir (Shane Gallagher) agus Pádraig Ó Reannacháin (Pa Ranahan) atá ar fhoireann sinsear an chontae faoi láthair.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

 
Baile Stiabhana v Áth Dara, Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh i bPáirc na nGael ar an 8ú Bealtaine 2009.

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).