CLG Drom Chollachair/Béal an Átha

Drom Chollachair/Béal an Átha
Béarla: Dromcollogher/Broadford
Bunaithe: 1985
Contae: Luimneach
Roinn: Thiar
Peil: Sinsear
Iomáint: Sóisear A
Dathanna: Dubh, buí is dearg
Páirc: Drom Chollachair, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club de chuid CLG i gContae Luimnigh é CLG Drom Chollachair/Béal an Átha.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Drom Chollachair/Béal an Átha in Iarthar Chontae Luimnigh, 60km siar ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór a imreoirí as baile Drom Chollachair, as sráidbhaile Béal an Átha agus as na ceantracha tuaithe máguaird ar nós Cnoc Túis, Gort na Tiobraide, Goirtín an Gharraí agus An Bhuaile.

Cluichí cuir in eagar

Cé gurbh clubanna dírithe go láidir i dtreo na hiomána iad Drom Chollachair agus Béal an Átha ó thús an 20ú haois suas go dtí an bhliain 1987 nuair a thángadar le chéile, d'imir an bheirt acu an pheil agus an iomáint. Bhí an bhéim an chlub aontaithe fós ar an iomáint suas go dtí teacht na Mílaoise nuair a tháinig an liathróid mór chun chinn agus ba é Drom Chollachair/Béal an Átha an club peile ba láidre sa chontae le linn blianta na 2000í.

Stair cuir in eagar

Sa bhliain 1887, cláraíodh club peile faoin ainm Gort na Tiobraide le Coiste Chontae Luimnigh ach is cosúil gur scoilt sé sna blianta ina dhiaidh sin mar tá tagairtí ann faoi chomórtas peile sa bhliain 1902 inar ghlac foirne faoi ainmneacha Drom Chollachair agus Béal an Átha páirt. Eagraíodh Béal an Átha go hoifigiúil sa bhliain 1898 agus bunaíodh Drom Chollachair mar chlub ar leith sa bhliain 1904.

Bhí an bhéim ar dtús ar an bpeil sa dá chlub ach, maraon lena lán paróistí in oirthear agus i ndeisceart an chontae, leathnaigh an iomáint go tapaidh iontu sna blianta díreach roimh an gCéad Cogadh Domhanda. Ghlac foireann faoin ainm Béal an Átha páirt i gcomórtas i nDrom Chollachair i Mí Lúnasa na bliana 1902, an chéad tagairt d'imirt na hiomána sa pharóiste. Nuair a atosaíodh craobhacha sóisear an chontae ina dhiaidh, ba é Béal an Átha an club ba láidre ar dtús agus bhuadar Craobh Iomána Sóisear an Iarthair sa bhliain 1932 ach, ó bhlianta na 1940í amach, bhí an lámh in uachtar ag an gclub eile.

Tháinig Craobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh don chéad uair chuig Drom Chollachair sa bhliain 1949 nuair a sháraíoadar ar An gCeapach Mór sa chluiche ceannais agus, cé nár éirigh leo san iomáint sinsear, bhuadar ar Mháigh Rua chun Craobh Sóisear an Chontae a ghabháil arís sa bhliain 1959 agus ar Phailís na Gréine i gcluiche ceannais na bliana 1963. D’éirigh níos fearr leo sa phríomhghrád ar an dtríú iarracht. Shroicheadar cluiche ceannais Iomána Sinsear an Chontae na bliana 1964 ach buadh go trom orthu ag An gCeapach Mór.

Tháinig meath ar an iomáint san dá chlub ina dhiaidh sin agus níor tháinig aon chorn ar ais chuig an bparóiste go dtí bliain Comóradh an Chéid nuair a bhuaigh Drom Chollochair Craobh Iomána Sóisear A an Iarthair na bliana 1984. Ach bhí daonra an pharóiste ag dul i laghad ag an am agus thosnaigh an dá chlub ag imirt le chéile i gcomórtaisí na n-óg. Nuair a tháinig na grádanna teoranta i bhfeidhm sa chontae don bhliain 1988, chinneadar ar aontú faoin ainm CLG Drom Chollachair/Béal an Átha.

D éirigh go maith leis an gclub nua ar dtús san iomáint agus bhuadar Craobh Iomána Sóisear an Chontae don cheathrú uair sa bhliain 1993 ach thiteadar ar ais go dtí an tríú ghrád sa bhliain 2002.

 
Seán Uí Fhinn Ráth Caola v Drom Chollachair/Béal an Átha, Craobh Peile Sóisear A Iarthar Chontae Luimnigh i gCnoc an Doire, 13ú Iúil 2003

Cé gur shroich Dom Chollachair cluiche ceannais Craobh Sóisear an Iarthair sna blianta 1931, 1980 agus 1982, níor éirigh le ceachtar acu craobh peile ar bith a bhuachaint nuair a d’imríodar mar chlubanna ar leith. D’athraigh an scéal nuair a tháinig Craobh Peile Sóisear B an Chontae chuig Drom Chollachair/Béal an Átha sa bhliain 1992 agus, i ndiaidh buachaint ar an An gCeapach Mór i gcluiche ceannais Craobh Idirmheánach an Chontae na bliana 1998, ba chlub sinsear peile iad don chéad uair. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, chailleadar cluiche ceannais Craobh Sinsear an Chontae i gcoinne An tAthair Ó Cathasaigh ach bhíodar ar ais an bhliain dár gcionn nuair a sháraíodar ar Mhungairit.

Chosnaíodar an chorn sa bhliain 2004 i gcoinne An Caisleán Nua Thiar agus bhuadar Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh don cheathrú uair sa bhliain 2008 nuair a bhaineadar an teideal ó Bhaile an Londraigh. Níos déanaí sa bhliain, ba iad Drom Chollachair / Béal an Átha an chéad chlub sa chontae ar éirigh leo i gCraobh Peile Sinsear Club na Mumhan nuair a sháraíodar ar Cill Mhuire/Ui Bhreacáin as An gClár sa chluiche ceannais.

Páirc Imeartha cuir in eagar

Tá páirc imeartha Drom Chollachair/Béal an Átha suite 500m ó lár bhaile Drom Chollachair ar Bhóther an Chaisleáin Nua Thiar.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc imreoirí cáiliúla an chlub, tá na hiománaithe Dónal Ó Bruadair (Donie Broderick) agus Eoghan Ó Nuanáin (Eugene Noonan) a bhí ar fhoireann Luimnigh a bhuaigh Craobh Sinsear na Mumhan sa bhliain 1995 agus na peileadóirí Iason de Stóc (Jason Stokes), Tomás de Stac (Tommy Stack) agus Mícheál Ó Riada (Mícheál Reidy) a bhí ar fhoireann Luimnigh i gcluichí ceannais Craobh Sinsear na Mumhan na mblianta 2003 agus 2004.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).