CLG Garrdha Uí Spiolláin

Garrdha Uí Spiolláin
Béarla: Garryspillane
Bunaithe: 1952
Contae: Luimneach
Roinn: Theas
Peil: -
Iomáint: Príomh Idirmheánach
Dathanna: Dubh is buí
Páirc: Páirc na Spóirt Chnoic Loinge, Radharc an Iarnróid, Cnoc Loinge, Contae Luimnigh
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club de chuid Chumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é Garrdha Uí Spiolláin.

Leasainm cuir in eagar

Tugtar “Na Preabadóirí” (“The Bouncers”') ar fhoirne Gharrdha Uí Spiolláin. Ní fios go díreach cárb as don ainm. Deir roinnt daoine go raibh faicsean ann i dtús an 19ú haois agus an t-ainm sin orthu. Deir daoine eile gur tháinig an leasainm ó chluiche cártaí darbh ainm dó Bounce as Béarla a d’imrítí go forleathan sa pharóiste ag tús an 20ú haois.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club le fáil i bparóiste Chnoc Loinge/Ghleann Bruacháin, áit atá suite i nDeisceart Chontae Luimnigh 35cm soir ó dheas ó Chathair Luimnigh. Tagann formhór na n-imreoirí ó bhaile Chnoc Loinge, sráidbhaile Gharrdha Uí Spiolláin, ó bhailte fearainn i bparóiste Chnoc Loinge/Ghleann Bruacháin ar nós Bhaile Mhistéala na dTamhan agus Ghleann Bruacháin, agus ó bhaile Ghallbhaile agus bailte fearainn ar nós na gCaológ, Dhún Trí Liag, an Chnocáin Bhric agus an Chaisleáin Chria sa chuid de pharóiste Ghallbhaile/Lios Fearnáin atá suite i gContae Luimnigh.

Cluichí cuir in eagar

An [[Iománaíocht|iománaíocht amháin a imríonn an club, agus tá sé nasctha le Gallbhaile i gcomhair na peile.

Stair cuir in eagar

Cé go bhfuil an iománaíocht níos láidre sa pharóiste ó na 1950í, bhí an lámh in uachtar ag an bpeil i mblianta tosaigh CLG. Tá tagairtí ann d’fhoireann a d’imir peil faoin ainm Garrdha Uí Spiolláin sna 1880í. Bunaíodh an club go hoifigiúil cúpla bliain ina dhiaidh sin agus ba bheag nár bhuaigh siad Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh sa bhliain 1898, ach chaill siad an cluiche leathcheannais i ndiaidh achomairc ó na Trádálaithe.

Maraon lena lán clubanna eile sa chontae, thit siad as a chéile le linn na dTrioblóidí agus an Chéad Chogadh Domhanda ach eagraíodh club nua faoin ainm Cnoc Loinge le teacht na síochána. Cé gur bhuaigh siad Craobh Peile Sóisear Dheisceart Luimnigh sa bhliain 1927, bhí siad faoi scáth Ghallbhaile sna 1930í agus sna 1940í.

Bunaíodh Garrdha Uí Spiolláin mar chlub iománanaíochta sa bhliain 1952. Lean Cnoc Loinge orthu ag imirt peile anuas go dtí na caogaidí deireanacha, nuair d’aontaigh an dá chlub faoin ainm Garrdha Uí Spiolláin. D’fhás an iománaíocht go tapa i ndiaidh bhua Chraobh Shóisearach an Deiscirt den chéad uair sa bhliain 1955 agus, i ndiaidh dóibh sárú ar fhoireann Fhíonach/Chill Mhíde, tháinig an chéad Chraobh Iomána Sóisear Chontae Luimnigh chuig Garrdha Uí Spiolláin cúig bliana ina dhiaidh sin.

Cé gur bhuaigh siad Craobh an Chontae arís sna blianta 1970, 1978 agus 1984, níor éirigh go maith leo mar fhoireann iomána shinsearach go dtí na 1990í. Tar éis Craobh Iomána Idirmheánach Chontae Luimnigh a bhreith leo sa bhliain 1996, shroich siad cluiche ceannais na Craoibhe Sinsearaí an bhliain dár gcionn ach buadh go dona orthu ag Tobar Phádraig.

Bhí siad ar ais sa chluiche ceannais sa bhliain 2004 nuair a chaill siad le cúilín amháin i gcoinne Átháin ach bliain ina dhiaidh sin tháinig an chorn faoi dheireadh chuig Cnoc Loinge nuair a chloígh na Preabadóirí na naimhde ab fhíochmhaire acu, Chill Mocheallóg.

I ndiaidh dóibh aontú le Cnoc Loinge, d’éirigh go maith le Garrdha Uí Spiolláin sa pheil. Tar éis Craobh Sóisear an Deiscirt a bhreith leo den chéad uair sa bhliain 1960, bhuaigh siad Craobh Peile Sóisear A Chontae Luimnigh sa bhliain 1976 tar éis dóibh Cnoc Uí Choileáin a bhualadh agus arís sa bhliain 1980 nuair a bhuaigh siad ar Bhrú Rí sa chluiche ceannais. Ach cé gur thaínig Craobh Sóisear B an Chontae chuig an gclub sa bhliain 1993, bhí an bhéim á cur ar an iomáint faoin am sin agus d’éirigh na Preabadóirí as an bpeil ar fad sa bhliain 2000 nuair a d’aontaigh siad le Gallbhaile.

Páirc Imeartha cuir in eagar

 
Garrdha Uí Spiolláin v Dún Bleisce, Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh i gClochán ar 30ú Bealtaine 2009.

Tá páirc imeartha Garrdha Uí Spiolláin, Páirc Uí Dubhlaoigh, suite 800m ó lár bhaile Cnoc Loinge in aice Radharc an Iarnróid.

Imreoirí Cáiliúla cuir in eagar

I measc iománaithe cáiliúla Garrdha Uí Spiolláin a d’imir ar fhoireann Luimnigh i gcluiche ceannais Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann, tá Muiris Ó Cearrbhaill (Mossy Carroll) ón mbliain 1980, a dheartháir Proinsias Ó Cearrbhaill (Frankie Carroll) ó na blianta 1994 agus 1996 agus TS Ó Riain (TJ Ryan) ó na blianta 1994, 1996 agus 2007


Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  • “The Bouncers, A History of Knocklong and Glenbrohane Parish”, Greensmyth, Harry, 2004, (Béarla).
  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).