Móin a' Lín
Béarla: Monaleen
Bunaithe: 1957
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil: Sinsear
Iomáint: Idirmheánach
Dathanna: Dearg is bán
Páirc: Bóthar na Seanscoile, Caladh Uí Threoigh, Luimneach
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Móin a' Lín.

Suíomh cuir in eagar

Tá an club bunaithe i bparóiste Móin a' Lín ar thaobh thoir Cathair Luimnigh sa limistéar idir Abhann na Grúdan agus Abhann na Maoilchéirne ar thaobh theas Bóthar Bhaile Átha Cliath. Tagann formhór dá imreoirí as na bruachbhailte Caladh Uí Threoigh, Áth na Coite, An Chill Bhán agus Móin a' Lín, as sráidbhaile Béal Átha Shiomóin agus as ceantracha tuaithe an pharóiste ar nós Cill Ónáin, Baile an Mhuilinn agus Cúil Uí Sheighneáin.

Cluichí cuir in eagar

Imrítear peil agus iomáint. Cé gur cheantar iomána ar dtús é, tá an pheil níos láidre sa chlub le tríocha bliain anuas.

Stair cuir in eagar

Ós rud é ná raibh Móin a' Lín ach an leath tuathach de pharóiste Naomh Pádraig suas go dtí an bhliain 1970, bhí clubanna eile i gcónaí ag mealladh imreoirí na háite chucu. Nuair ná raibh aon chlub da chuid féin acu eagraithe san áit, bhí traidisiún ann i gceanntair áirithe an pharóiste imirt le Naomh Pádraig, Átháin, Clochán agus Saor Theas.

Bhíodh an iomáint agus an pheil á imirt sa cheantar ag roimh blianta na 1880í agus, i ndiaidh rialacha caighdeánacha a ghlacadh don dá spórt, bunaíodh roinnt clubanna ann. Ina measc siúd, bhí Craobh Emmett, Cill Mhuire, Áth na Coite agus Béal Átha Shiomóin gníomhach le linn blianta tosaigh CLG agus tá tagairt ann faoi chluiche iomána a d'imir Béal Átha Shiomóin i gcoinne Máigh Rua sa bhliain 1887. Le linn blianta na 1890í, eagraíodh an-chuid comórtaisí sa pharóiste inar ghlac foirne móra na cathrach agus oirthear an chontae páirt.

Ach thit gach club sa cheantar as a chéile le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus na dTrioblóidí. Is é cluiche iomána a imríodh sa bhliain 1909 an tagairt deireanach a bhfuil ann anois do Chill Mhuire agus níl aon tuairisc faoi Chroabh Emmet níos déanaí ná comórtas iomána sóisear inar ghlacadar páirt i Mí Meán Fómhair na bliana 1919. Atheagraíodh club peile in Áth na Coite le linn blianta na 1920í agus, nuair a d'éirigh sé sin arís as imirt i ndiaidh cúpla bliain, d'imir foirne iomáint agus peil faoin ainm Móin a' Lín suas go dtí An Dara Chogadh Domhanda. Is ar éigin a chláraíodh an club go hoifigiúil mar ba é Átháin ó bhruach eile Abhann Na Maoilchéirne an club ba láidre sa chontae ag an am.

 
Páirceanna inar imríodh cluichí Gaelacha i bParóistí Mhóin a’Lín agus Áth an Mhuilinn ó bhlianta na 1880í.

Athbhunaíodh club faoin ainm Fág an Bealach Béal Átha Shiomóin timpeall na bliana 1940, agus i ndiaidh dóibh buachaint ar Naomh Iosaef chun Craobh Iomána Sóisear na Cathrach a ghabháil sa bhliain 1948, d'éiríodar as an imirt nuair a athbhunaíodh Móin a' Lín sa bhliain 1957.

Cé gur éirigh leis an gclub nua i gCraobh Iomána Sóisear an Chontae i ndiaidh dóibh buachaint ar Naomh Mhuire Ráth Caola i gcluiche ceannais na bliana 1961 agus arís ar An Dromainn/An tÁth Leacach i gcluiche ceannais na bliana 1971 agus Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh a ghabháil leo sa bhliain 1969 tar éis dóibh an bua d'fháil ar Chill Mocheallóg, ba chlub sóisear leis an mbéim ar an iomáint den chuid ba mhó é Móin a' Lín suas go dtí an bhliain 1978. Sa bhliain sin, d'éirigh leo i gCraobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh i ndiaidh an bua d'fháil ar Naomh Ciarán agus i gCraobh Faoi-21 agus i gCraobh Mionúir an Chontae chomh maith.

Tháinig cúlú ar an bpeil agus ar an iomáint le linn blianta na 1980í ach, nuair a tháinig fás mór ar dhaonra an pharóiste le linn blianta na 1990í, d'fhás an club ina theannta. Bhuadar craoibh chontae san iomáint idirmheánach i ndiaidh dóibh sárú ar Shaor Theas agus faoi thrí sa pheil sinsear, tar éis dóibh Áth Dara a chloí sa bhliain 2002, Naomh Ciarán i gcluiche ceannais na bliana 2005 agus Áth Dara arís sa bhliain 2010.

Páirc Imeartha cuir in eagar

Cheannaigh an club a phríomhpháirc imeartha ar Bhóthar na Seanscoile sa bhliain 1969 agus a dara pháirc sa Bhaile Nua sa bhliain 1996. Roimhe sin, bhíodh páirceanna ar chíos acu i gCill Ónáin agus i gCill Mhuire.

Imreoiri Cáiliúla cuir in eagar

I measc imreoirí cáiliúla an chlub ar imir ar fhoireann Luimnigh chomh maith, tá na h-iománaithe Brian Ó Gadhra (Brian Geary) agus Damien Mac Cosgair (Damien Cosgrave) as blianta na 2000í agus na peileadóiri Seosamh Ó Roideacháin (Joe Redington) as blianta na 1980í agus Muiris Ó Gaibhín (Muiris Gavin) agus Micheál Ó Cruadhlaíoch (Mike Crowley) as blianta na 2000í.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

 
Móin a' Lín v Craobh Chumhra, Srath-chomórtas Iomána Sóisear B Chathair Luimnigh i Móin a' Lín ar an 22ú Aibreán 2001.

Tagairtí cuir in eagar

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).