Cainéal nuachta Meiriceánach teilifíse agus satailíte is ea The Cable News Network (Líonra Cábla Nuachta) nó CNN mar is fearr aithne air. Is é Turner Broadcasting System, cuid de Time Warner, úinéir an chainéil. Cainéal cábla nuachta 24 huaire atá ann. Ted Turner a bhunaigh CNN sa bhliain 1980. B'é an chéad chainéal teilifíse a chuir nuacht ar fáil 24 huaire a chloig sa lá, agus an chéad chainéal lán-nuachta sna Stáit Aontaithe.

Ceannáras CNN in Atlanta, sna Stáit Aontaithe

Tá ceanncheathrú CNN suite in Atlanta, Georgia, ach craoltar ó áiseanna de chuid an chainéil i gCathair Nua-Eabhrac, Washington, D.C. agus Los Angeles.

Na manaí atá acu ná "Go there", "The Most Trusted Name in News", agus "This is CNN".

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar