Alcalóideach meitiolxaintéineach is ea an chaiféin agus é le fáil go nádúrtha sna síolta caife, sa tae, sna cnónna cóla, sa yerba mate (lus a fhliuchtar ar nós an tae san Airgintín agus i dtíortha eile i réigiún Río de la Plata i Meiriceá Theas), sa ghuaranà, agus beagáinín i síolta cócó. Cuirtear i roinnt deochanna boga í freisin, ar nós Coca-Cola, Irn-Bru agus Mountain Dew.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachCaiféin

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach194.08 Da
Ainmnithe in ómóscaife
Tacsón ina n-aimsítear é
Rólenzyme inhibitor (en) Aistrigh, spreagthach, phosphodiesterase inhibitors (en) Aistrigh, purinergic P1 receptor antagonists (en) Aistrigh agus xenobiotic (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachC₈H₁₀N₄O₂
SMILES canónta
Model 2D
CN1C=NC2=C1C(=O)N(C(=O)N2C)C
InChIModel 3D
Airí
Dlús1.23 g/cm³ Cuir in eagar ar Wikidata
PKa14
10.4 (a 40 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach3.64 D
Pointe leáite234 °C
235 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Teocht néalúchán180 °C
Móimint leictreach dhépholach3.64 D
Eile
searbhas

Substaint bhán chriostalta í an chaiféin ghlan. Ba é an ceimiceoir Gearmánach Friedrich Ferdinand Runge a d'aithin agus a d'aonraigh an chaiféin an chéad uair sa bhliain 1819, agus ba eisean a cheap an t-ainm fosta. Sna plandaí, is minic a bhíonn alcalóidigh eile measctha tríd an gcaiféin, go háirithe taeifillín agus taebróimín.

Is é an t-ainm córasach atá ar an gcaiféin ná 1,3,7-trímheitiol-xaintéin. Tugtar "taeín", "guarainín" agus "maitéín" ar na meascáin d'alcalóidigh atá le fáil sa tae, sa ghuaraná agus sa yerba mate, ach is í an chaiféin an príomhoibreán iontu go léir.

Is spreagthach í an chaiféin, is é sin, spreagann sí lárchóras na néaróg agus maolaíonn sí an tuirse. Tá sí ar an tsubstaint shícighníomhach is mó a úsáidtear ar fud an domhain, ach murab ionann agus a lán substaintí sícighníomhacha eile, ní dhearctar uirthi mar dhruga dainséarach. A mhalairt ar fad, bíonn deochanna a bhfuil caiféin iontu le fáil go dlíthiúil i ngach tír, a bheag nó a mhór.

Is fualbhrostach í an chaiféin freisin. Is é sin, spreagann sé an duine chun fual a dhéanamh. Iad siúd a ólann caife nó deochanna eile a bhfuil caiféin iontu go minic, áfach, ní mhothaíonn siad mórán den spreagadh seo a thuilleadh, de ghnáth. Mar sin, is ar éigean atá an dainséar ann go gcaillfeá an iomarca uisce agus tú ag ól barraíocht caife.

C8H10N4O2 an fhoirmle cheimiceach atá aici.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar