Cailís Dhoire na bhFlann

Is seod staire de chuid na hÉireann í Cailís Dhoire na bhFlann. Is mar chuid de thaisce de shoithí altóra é, cnuasach mhiotalóireachta de chuid an 9ú haois.

WD Bosca Sonraí Saothar EalaíneCailís Dhoire na bhFlann

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcailís
Cuid deDerrynaflan Hoard (en) Aistrigh
Dáta a bunaíodh8 haois
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh1980
Áit ar tháinig air/uirthiCill Náile
Déanta ascré-umha
Gipseam Cuir in eagar ar Wikidata
Méid21 (trastomhas) × 19.2 (airde) cm
Ard-Mhúsaem na hÉireann (Baile Átha Cliath) Cuir in eagar ar Wikidata
Paiteana

An fionnachtain cuir in eagar

Thángthas ar an taisce i gCill an Áil, láthair mainistreach, i gContae Thiobraid Árann ar an 17 Feabhra 1980. Trí thochailt a rinne foireann Ard-Mhúsaem na hÉireann cúpla seachtain níos déanaí, thángthas ar chodanna de na réada maisithe a bhí ar iarraidh, ar nós painéil d’fhíolagrán óir, gléasanna stampláilte le dísle, síothlán agus seamanna.[1]

 
Paiteana

Bhí brathadóir miotail ag an tóraí taisce, Michael Webb, agus a mhac.Bhí conspóid ag baint leis.[2][3] Tháinig an Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1994, as.[4]

Anois tá an taisce iomlán in Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Saothar ealaíne cuir in eagar

As airgead buailte deilsnasta atá an babhla cailíse déanta. Tá an chuid is mó den chailís lom.

  • Tá stoc agus cos an bhabhla ceangailte le pionna mór a ghlasálann ar ghreimphláta ar an taobh thíos den chos.
  • cuasa sa dá chluas atá ar an mbabhla, a bhfuil painéil d'fhíolagrán óir fuaite isteach iontu.
  • Tá stodaí ómra ar na cluasa freisin mar mhaisiúchán agus tá bearnaí eatarthu agus iad curtha ar feadh an bhanda maisiúcháin d'fhíolagrán atá timpeall an bhabhla.

Comparáid cuir in eagar

 
Síothlán

Tá an chailís airgid inchomparáide le Cailís Ardach cé go gceaptar nach bhfuil sé chomh galánta leis. Tá a maisiúchán níos simplí, agus níl an fíolagrán déanta chomh mín sin.

Seans gur dáta níos déanaí atá aici ná Cailís Ardach.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "The Treasury | Archaeology" (en). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2021-11-06.
  2. RTÉ (2017-04-11). "Digging for Gold" (as en). 
  3. traffickingculture.org. "Derrynaflan Hoard « Trafficking Culture" (en-US). Dáta rochtana: 2021-11-06.
  4. electronic Irish Statute Book (eISB). "electronic Irish Statute Book (eISB)" (en). www.irishstatutebook.ie. Dáta rochtana: 2021-11-06.