Cainchín
Tom nó crann beag, duillsilteach nó síorghlas, dúchasach do réigiúin mheasartha ó thuaidh. Athraitheach i méid is cruth, le géaga stuacha, spréite nó caoldíreach. Na duilleoga ubhchruthach go dtí cruinn, go minic le dathanna geala sa bhfómhar. Na bláthanna i gcrobhaingí, cúigpheitealach, bán nó bándearg. Na caora bui, dearg nó dubh. Fástar go forleathan mar mhaisiúchán é.[1]
Cotoneaster | |
---|---|
Cotoneaster integerrimus | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Rosales |
Fine | Rosaceae |
Fofhine | Maloideae |
Géineas | Cotoneaster Medik., 1789 |
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cainchín". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 106.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |