Cleachtadh ina n-ionanálaítear deatach dóite duilleoga tobac, ag baint úsáid de ghnáth as toitíní, todóga nó píopaí, a tugadh isteach san Eoraip ó Mheiriceá ag taiscéalaithe luatha. Is cleachtadh andúile é, agus is eol go gcuireann sé tús, agus/nó go ngéaraíonn sé, le cuid mhaith galar, ailse scamhóg, ailse scornaí, galar corónach croí, is riochtaí riospráide cosúil le broincíteas is eimfiséime go háirithe. Méadaíonn an priacal de réir mar a mhéadaíonn an líon toitíní a chaitear. I gcuid mhaith tíortha tá feachtais fógraíochta ina choinne, toirmeasc reachtúil ar fhógraíocht tobac, agus fógraí ar phriacail an tobac ar phaicéid toitíní. Le blianta anois tá toirmeasc sa tír seo ar chaitheamh tobac in ionaid oibre, agus in Albain, an Astráil, Ceanada, Cúba, an Iodáil, an Iorua, an Ollainn, stáit ar leith de na Stáit Aontaithe, is Sasana, mar shampla. Ó 2005 tá conradh rialaithe tobac i bhfeidhm is é faofa ag 57 rialtas, cuid de chlár chun an líon daoine ar Domhan a chaitheann tobac a laghdú go leanúnach.[1]

Caitheamh tobac

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Caitheamh tobac". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 109.