Tar éis bunú an tSaorstáit sa bhliain 1922, choinnigh an Ríocht Aontaithe seilbh ar na calafoirt sa Chóbh, nó Queenstown mar a thugadh an rialtas air, i mBaile Chaisleáin Bhéara, iad araon i gContae Chorcaí, chomh maith le ceann i Loch Súilí i gContae Dhún na nGall. Bhí an réiteach seo socraithe sa Chonradh Angla-Éireannach, agus baint aige leis an gCogadh Cathartha freisin. Sa deireadh thiar, tugadh na calafoirt ar ais do stát na hÉireann sa bhliain 1938. Fuair daoine sa Bhreatain locht ar an gcinneadh seo, nó nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, bhí na bealaí mara trasna an Atlantaigh ní ba deacra le cosaint in uireasa na gcalafort. Dá mbeadh na calafoirt ag an Ríocht Aontaithe i gcónaí le linn an chogaidh, d'fhéadfaí breosla a thabhairt do na longa tionlacain i bhfad níos sia amuigh san Atlantach, nó bhí an Cóbh agus Cuan Bhéarra suite 370 ciliméadar níos faide ar shiúl ná aon chuan i Sasana nó i dTuaisceart Éireann.

Sa bhliain 1940, áfach, ghlac an Bhreatain seilbh ar an Íoslainn, agus chuir na Comhghuaillithe bunáit mhíleata agus garastún seasta ar bun ansin. Ina dhiaidh sin, bhí na Briotanaigh ábalta teacht gan na calafoirt in Éirinn. Thairis sin, níor choinnigh an Aimiréalacht caoi cheart ar chalafoirt an Chonartha cibé scéal é, agus ní bheadh mórán maithe ann le haghaidh chabhlach na Breataine fiú dá gcoinneodh an Ríocht Aontaithe aici féin iad thar bhlianta an chogaidh. Ó thaobh na hÉireann de, lig athshealbhú na gcalafort seo roimh an gcogadh don tír a neodracht a choinneáil i rith Ré na Práinne.