Réigiún áitiúil den chraiceann ina bhfuil an ciseal eipideirmeach tiubhaithe mar thoradh ar thráma leanúnach fisiciúil. Tugtar creagán ar challas ar aghaidh na láimhe, agus bonnbhualadhbonnleac ar challas ar bhonn na coise. Tugtar callas ar fhíochán a fhoirmíonn i ndeisiú cnáimhe briste freisin. Cruthaítear loingeán snáithíneach is loingeán gloineata chun foircinn bhriste na cnáimhe a shéalú is a nascadh le chéile, agus tugtar callas neamhbhuan air sin. De réir a chéile fásann cnámh aibí ina ionad, agus tugtar callas buan air sin.[1]

Callas

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Calas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 109.