Caoineadh Airt Uí Laoghaire

Is éard is Caoineadh Airt Uí Laoghaire ann ná caoineadh fada Gaeilge faoi Art Ó Laoghaire. Eibhlín Dubh Ní Chonaill, bean chéile Airt, a chum.[1]

Infotaula de cançóCaoineadh Airt Uí Laoghaire
Cineáldán
Foilsithe1700í
Seánradán
CumadóirEibhlín Dubh Ní Chonaill
Musicbrainz: 558c2049-0044-41ce-84d3-5c192e4e87ed Cuir in eagar ar Wikidata
An cloch chinn do Airt Uí Laoghaire

Meáin cuir in eagar

Rinne Bob Quinn scannán, Caoineadh Airt Uí Laoire de scéal an chaointe sa bhliain 1975,[2] bhí Seán Bán Breathnach le feiceáil den chéad uair ar an scáileán mór sa phríomhról mar Art Ó Laoire.

Leabhair Thagartha cuir in eagar

  • Ó Tuama, Seán, Caoineadh Airt Uí Laoghaire, (Baile Átha Cliath 1961/1999)

Naisc Sheachtracha cuir in eagar


Dán cuir in eagar

Is é Caoineadh Airt Ui Laoighaire i measc na dánta is fearr sa 18ú haois[5]. Tá caointeoireacht bunaithe ar eilimint filleatas cosúil le moladh na daoine caillte.[6] Uaireanta, thug na clainne airgead don bhean caoineadh. I gcás Caoineadh Airt Ui Laoghaire, sheas sé amach ón ngnáth-caointeoireacht mar gheall ar na mothúcháin pearsanta.

Mar gheall  ar na péindlíthe ní raibh na Caitlicigh ábalta capall a choinnigh arbh fhíu luach níos mó ná £5[7]. Bhí capall maith ag Airt arbh fihú i bhfad níos mó ná  £5[8]. Ba mhaith le hAbraham Morris an capall sin a cheannach. B’é Morris ardcheannaire agus tiarna talún. Dhiúltaigh Airt an capall a dhíol do Morris. Mar sin thug Morris dúshlan dó. Is é an duine a bhuaigh an comortas an duine a coinnóidh an capall[8]. Ach sa chás sin, dá mbuafadh Airt Ui Laoghaire an troid, rachadh Morris go dtí na póilíní chun gearán a dhéanamh faoi Airt mar gheall ar na Peindlithe. Faoi sin, bhí Airt sainnithe i gcúrsaí dian.  

V1- B’fhéidir gur aithris Eibhlín na dréachtaí seo os cionn an choirp i gCarraig an Ime.

Thosaigh Eibhlín an dán sin leis an chéad lá. Thaitin sé léi ón gcéad uair a chasadh ar a chéile iad. Tráth rithábhachtach a bhí ann mar sa bhomainte sin d’fhág sí a clann ina intinn mar bhí fhios aici nach raibh a teaghlach sásta leis an gcaidreamh sin.

‘Mo ghrá go daingean tú!,

Lá dá bhfaca thu,

Ag ceann tí an mhargaidh,

Thug mo shúil aire dhuit,

Thug mo chroí taitneamh duit,

D’ealaíos óm charaid leat

I bhfad ó bhaile leat [9]


Bhog sí isteach le hAirt i dteach mór i Maigh Chromtha. Phléigh sí saol na bhfuíoll acu. Ni raibh sí clíomhaithe leis an saol a bheidh aici fós. D’fhás sí aníosi dteach beag lena clann. Anois, ní raibh aon oiblegáid aici fiú  éirigh go luath ar  maidin.

‘Codladh i gclúmh lachan dom,

Go dtíodh dá dtaitneadh liorn [9]


Thosaigh Eibhlín ag caint faoin lá dheireanach a chaith sí le hAirt, an 4ú lá de mhí Bealtaine 1773. Bhí cuimhní deas aici faoin lá mar bhí cuma dathúil ar Airt. I dtuairim Eibhlín bhí Airt réidh leis an gcath.  Ni raibh sé neirbhíseach.

Is cuimhin lem aigne

An lá breá earraigh úd,

Gur bhreá thiodh hata duit,

Faoi bhanda óir tarraingthe;

Claíomh cinn airgid,

Lamh dheas chalma[9]


Bhí Eibhlín ag iompar linbh arís ag an am a bhfuair Airt bás. Bhí beirt paistí acu roimhe sin - Conchúr agus Fear. Bhí fhios aici go dtiocfaidh an lá i gcúpla bliain nuair a thosóidh na buachaillí ag lorg eolas faoi a nathair. Lá amháin ,bheadh uirthi an scéal a mhiniú dóibh faoi cad a tharla dá nathair agus cén fáth. Ni raibh sí ag tnúth leis  an lá sin.

‘Is nuair thiocfadh chúgham abhaile

Conchúr beag an cheana

Is Fear Ó Laoghaire, an leanbh,

Fiafróid dío go tapaidh[9]'

V2 - Nuair a shrioch deirfiúr Airt (ó Chorcaigh) teach an tórraimh in aice Mhaigh Chromtha, fuair sí, de réir an tseanchais, Eibhlín roimpi sa leaba. Seo roinnt den bhriatharchath a bhí eatarthu.  

Ní raibh deirfiúr Airt ábalta an próiséas crá croí a thuiscint. Bhí sí an fheargach le hEibhlín mar thit sí ina codladh ag an tórramh d’Airt. Dúirt sí nach raibh aon bhean eile sa tír leis an leibheal dímheas a léiríonn Eibhlín d’fhear céile marbh. Bh’fheidir nach bhfuil  clann Airt sásta leis an gcumann freisin.

‘Ó Chorcaigh na Seolta Go Droichead na Tóime’.

‘Na raghadh a chodladh ‘na seomra’ Oíche do thórramh’[9].


Chosain Eibhlín í féin agus dúirt sí nach raibh sí i gcodladh dian. Bhí sí ag tabhairt dona páistí.

‘Níor throm suan dom;

Ach bhí do linbh ró-bhuartha,

‘S do theastaigh séuathu  Iad a cur chun suaimhnis[9]

V3 - Cuireann Eibhlín a mórtas as a fear céile in iúl go lánphoiblí sna dréachtaí seo. B’fhéidir gur aithris sí an méid seo tar éis don chorp a bheith rétithe le haghaidh an adhlactha.  

Níor mhaith le  hEibhlín a fheisteas dheireanach. B’fheidir go bhfaca sí é i bhfeisteas níos fearr. Chreid sí gur cheart do laoch cosúil le hAirt bheith ag caitheamh éadaí níos fearr.

‘Mo chara thu is mo,

shearc-mhaoin!

Is gránna an cháir a chur ar ghaiscíoch

Comhra agus caipin[9]'  


Thuig Airt an eolas faoin troid agus bhi a shaol i mbaol. Is fear an meáite é Abraham Morris. Ba mhaith leis an capall a fháil agus ní raibh aon rud ábalta a sheasamh  sa bhealach. Ni raibh aon rud difriúil ar an maidin sin ach na focal a deir Airt nuair a d’fhág sé an teach.

‘Táimse ag fágáil an bhaile,

Is nímóide go deo go gcasfainn.

Nior dheineas dá chaint ach magadh,

Mar bhíodh á rá liom go minic cheana[9]'  


Léirionn an dán sin an tábhacht an uimhir a thrí[10]. Feicimid an uimhir sin sa scéal ‘Oisín i dTír na nÓg’ freisin le trí lá, trí chéad fear, trí príomhcharachtar, trí sheithreacha, trí ghártha, triúr pháiste’[10]. I lítríocht an bhéaloidis is minic a tharlaíonn rudaí faoi thrí. I "Caoineadh Airt Uí Laoighre" tá an uimhir trí le feiscint le triúr paistí agus na trí tairseach a fhágail. Sa véarsa sin tá muid ábalta na bás a ghoill sé sin go mór uirthi. Chaill Eibhlín triúr paistí[10] agus a deartháir Dónall Mór Ó Conaill.

‘Mo ghrá thu is mo chumann!

‘S ní hé a bhfuair nás dem chine,

Ni bás mo thriúr clainne;

Ná Dónall Mór Ó Conaill,

Ná Conaill a bháigh an tuile,

Ná bean na sé mblian’s fiche[9]'

V4 - Déanann deirfiúr Airt a caoineadh féin anseo. Nuair a luann sí, na mná óga a bhí mór le Art, spriúchann Eibhlin.

Léirionn an fhile Eibhlín Dubh Ni Chonaill agus deirfiúr Airt na h-éifeacht don bhás ar a shaol. Bhí siad faghta ina dhiaidh agus bhí siad chroibhríste. Phléigh deirfiúr Airt a shaol tar éis Airt agus ní raibh a lán brí na beatha aici anois. Ina tuairim féin ní raibh aon fuaim sa saol faoi láthair. Bhí Eibhlín ag caint faoi mhuintir na haite agus an méas a léiríonn siad d’ Airt gach lá. Phléigh sí go raibh Airt ina athair maith freisin.

Deirfiúr Airt -

‘Nár fhan friotal id chaol-choin,

Ná binneas ag éanaibh[9]


Eibhlín Dubh Ni Chonaill -

‘Biodh mná na gceannaithe,

Ag ulmhú go talamh duit,

Óir do thuigidis ‘na n-aigne,

Gur bhreá an leath leaba tú,

Nó an bhéalóg chapaill tu,

Caoineadh Airt Ui Laoighaire

Nó an t-athair leanbh tú[9]'

V5 - De bharr constaicídlí, dealraionn sé nár cuireadh Art i reilig a shinsear. Cuireadh an corp o sealadach; agus cúpla mí ina dhiaidh sin, ní foldáir, aistríodh i go mainistir Chill Cré, Co. Chorcaí. B’fhéidir gur chuir Eibhlín na dréachtaí seo a leanas lena, caoineadh ar ócáid an dara adhlacadh.  

Thosaigh Eibhlin an chuid sin le t-atmaisfeár an ghruama. Phléigh sí an obair a rinne sí sa teach anois mar bhí Airt imithe. Labhair Eibhlín faoin bó agus gran Art. Ní raibh Eibhlin ábalta bogadh ar aghaidh ina saol anois nó sa tsochaí.

‘Mó ghra thu agus mo rún!

Tá do stácai ar a mbonn,

Tá do bha buí á gcrú;

Is ar mo chroí atá do chumha,

Ná leigheasfadh Cúige Mumhan,


Ná Gaibhne Oileáin na bhFionn[9]'

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Siobhán Cummiskey (1997). "De bharr athruithe i siollabas mheanscoile, níl eolas ag a lán daoine óga ar an dán inniu.". Comhar 56 (2): 37. doi:10.2307/25573228. ISSN 0010-2369. 
  2. Concubhar O Liathain (2009-03-18). "Bob Quinn". 
  3. UCCIreland (2016-11-23). "Caoineadh Airt Uí Laoghaire". 
  4. "Shazam". Shazam. Dáta rochtana: 2019-05-04.
  5. "Ireland's 100 favourite poems | Ireland Calling". ireland-calling.com. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  6. "LAMENT | meaning in the Cambridge English Dictionary" (en). dictionary.cambridge.org. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  7. Stair na hÉireann (2018-09-07). "#OTD in 1695 – Penal Laws are passed which restrict the rights of Catholics to have an education, to bear arms, or to possess a horse worth more than five pounds." (en-GB). Stair na hÉireann/History of Ireland. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  8. 8.0 8.1 "Shibboleth Authentication Request". login.dcu.idm.oclc.org. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  9. 9.00 9.01 9.02 9.03 9.04 9.05 9.06 9.07 9.08 9.09 9.10 9.11 Fionnbharr (2009-10-12). "Experientia Docet: Poem of the Day - Caoineadh Airt UÍ Laoghaire". Experientia Docet. Dáta rochtana: 2019-02-23.
  10. 10.0 10.1 10.2 Claire Grealy (2016). "Irish Notes". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-11-13. Dáta rochtana: 20-2-2019.