Mamach crúbach is ea an capall nó an t-each. Is ainmhithe móra ceathairchosacha iad na capaill. Is é Equus caballus an t-ainm eolaíoch. Úsáidtear an t-aimhe le haghaidh spóirt agus le haghaidh oibre.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCapall
Equus ferus caballus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdPerissodactyla
FineEquidae
GéineasEquus
SpeiceasEquus ferus
FospeiceasEquus ferus caballus Cuir in eagar ar Wikidata
(Linnaeus, 1758)
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Equus caballus Cuir in eagar ar Wikidata
An chéad ainm Laidine a bhí airEquus caballus Cuir in eagar ar Wikidata

Téarmaí cuir in eagar

 
Capaill a úsáid freisin i spóirt.
 

I nGaeilge na hÉíreann, is é capall an focal is coitianta, cé go n-úsáidtear each freisin. I nGaeilge na hAlban is é each an gnáthfhocal.

Stail a thugtar ar an bhfireannach agus láir a thugtar ar an mbaineannach. Tugtar searrach ar an ainmhí óg. Baineann na focail gearrán, cairiún, agus gillín le capall spochta.

Sanasaíocht cuir in eagar

Capall cuir in eagar

Meastar go bhfuil baint idir an focal Gaeilge “capall” agus focal na Laidine, “caballus”. Ní léir an ón bhfocal "caballus" a d'eascair an focal Gaeilge nó an focal dúchasach atá ann.

Each cuir in eagar

Sean-Ghaeilge “ech”, Ind-Eorpais *ekwo.

Seanfhocail cuir in eagar

  • "Ní dhéanfadh an saol capall rása d’asal"
  • "Cuir an diallait ar an each cóir"

Tagairtí cuir in eagar