Is é is carbocsailghrúpa ann ná feidhmghrúpa ceimiceach a bhfuil adamh carbóin amháin, dhá adamh ocsaigine agus adamh hidrigine amháin ann. Is mar -COOH is minicí a scriobhtar i bhfoirmlí simplí struchtúrtha é. Is dual don fheidhmghrúpa seo prótalú a dhéanamh, is é sin, prótón a thabhairt uaidh agus imoibriú a dhéanamh le substaintí alcaileacha (bunata). Mar sin, is feidhmghrúpa aigéadach é an carbocsailghrúpa. Ar an gcarbocsailghrúpa a aithnítear an chuid is mó de na haigéid orgánacha, is é sin, na carbocsailaigéid. Carbocsailaigéid shimplí iad an t-aigéad formach HCOOH (aigéad na seangán), an t-aigéad aicéiteach CH3COOH (aigéad an fhínéagair), agus an t-aigéad bútaireach CH3CH2CH2COOH (aigéad an ime).

Carbocsailaigéad