Caroline Caddy

file Astrálach

File Astrálach is ea Caroline Mavis Caddy (1944-).

Infotaula de personaCaroline Caddy
Beathaisnéis
Breith20 Eanáir 1944
80 bliana d'aois
Iarthar na hAstráile, Astráil Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh Caddy san Astráil Thiar do mháthair ón Astráil agus d’athair ó na Stáit Aontaithe, agus chaith sí cuid dá hóige i Meiriceá agus sa tSeapáin. D’fhill sí ar an Astráil Thiar agus chríochnaigh a scoláiocht mheánscoil ann.[1] Tamall ina dhiaidh sin bhí sí ina banaltra fiaclóireachta sa Road Dental Unit.

Tá sé maíte go bhfuil Caddy ar fhilí móra an taistil san Astráil, cé go bhfuil dlúthbhaint aici san am céanna lena ceantar dúchais: “Caddy is a wonderful poet about the various effects of exotic experience. She always looks at these encounters with an analytical, almost professional eye”.[2]

Sliocht cuir in eagar

Like buying a ticket inland
to barely understandable provinces
with no language at all I bargain and pay
for this warm planet
tipping the scales of wrist and elbow
spreading my fingers with its weight to read
my life-line my heart-line
my seams and mounds of fortune... (Sliocht as “Persimmon”[3])

mar a cheannófá ticéad chun lár na tíre
chun cúigí beagnach dothuigthe
gan teanga ar bith déanaim margáil is íocaim
as an bpláinéad te seo
ag claonadh scálaí na huillinne is an riosta
ag spré mo mhéar faoina mheáchan go léifinn
líne mo bheatha líne mo chroí
síoga is cairn mo ratha...

Duaiseanna cuir in eagar

  • 1990 - Western Australian Week Literary Award for poetry
  • 1991 - National Book Council Banjo Award for Poetry
  • 1992 - National Book Council Award for Poetry
  • 2008 - Wesley Michel Wright Prize[4]

Foilseacháin cuir in eagar

  • Singing at Night (1980)
  • Letters From the North (1985)
  • Beach Plastic (1989)
  • Conquistadors (1991)
  • Antarctica (1996)
  • Working Temple (1996)
  • Editing the Moon (1999)
  • Esperance: New and Selected Poems (2007)

Nótaí cuir in eagar

  1. Wilde, William (1996). Australian Poets and Their Works. Oxford University Press.
  2. Martin Duwell, “Caroline Caddy: Burning Bright,” 1 Iúil 2011, Australian Poetry Review: http://www.australianpoetryreview.com.au/tag/caroline-caddy/
  3. https://www.poetryfoundation.org/poems/55111/persimmon
  4. "WA Poet Caroline Caddy wins prestigious University of Melbourne poetry prize". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 5 October 2009.

Naisc sheachtracha cuir in eagar