Is sráidbhaile í Carraig Airt (Béarla: Carrigart) atá suite i nGaeltacht Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann. Tá sí suite ag bun leithinis Ros Goill, agus í ar an bhóthar R245 idir Leitir Ceanainn agus An Chraoslach. Sa bhliain 2016, bhí 222 dhuine ina gcónaí sa bhaile.[1]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCarraig Airt

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55°03′03″N 8°14′08″W / 55.050941°N 8.235626°W / 55.050941; -8.235626
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

An baile cuir in eagar

Cuireann an baile seirbhísí ar fáil fá choinne ceantar mór máguaird, ina n-áireamh sin ollmhargadh, trína bhfuil seirbhísí baincéireachta ar fáil; Oifig an Phoist; ionad sláinte; agus beairic de chuid na nGardaí a oibrítear go páirt-aimseartha. Tá páirc phoiblí sa bhaile fosta, agus í ar an chósta taobh thiar de na tithe atá ar an phríomhshráid. Angela Ní Ghallchóir a dhear an bhaile, agus cheiliúr an baile a chomóradh céad bliain cúpla bliain ó shin, cé go bhfuil daonra daonna san áit i bhfad roimhe sin. Baile agus ceantar móra talmhaíochta atá inti agus ina ceantar máguaird, agus tábhacht ag an talmhaíocht agus ag an turasóireacht chomh maith i ngeilleagar an bhaile. Maraon leis an chuid is mó de chósta Dhún na nGall, tá cuid mhór tithe saoire sa bhaile, go háirithe de chuid daoine as Tuaisceart Éireann.

 
Carraig Airt

Iompar cuir in eagar

Ritheann an bus 974, arna hoibriú ag Patrick Gallagher Travel, idir Na Dúnaibh, Carraig Airt, agus Leitir Ceanainn, tríd An Ghleann, Creamhghort, Baile na nGallóglach agus Ráth Mealtain.[2]

Tábla daonra cuir in eagar

Déantar cur síos ar athruithe ar an daonra sna blianta anuas sa tábla seo thíos:[3][4]

Bliain Daonra Athrú Athrú, %
2006 249 - -
2011 228 -21 -8.4%
2016 222 -6 -2.6%

Tagairtí cuir in eagar