Áirítear go bhfuil Cath Waterloo, a tharla ar an Domhnach, 18 Meitheamh 1815, in aice le Waterloo sa Bheilg i measc na gcathanna is mó tábhacht dar troideadh riamh.[1] Maítear gur mhúnlaigh an cath sin todhchaí na hEorpa ar feadh céad bliain; go deimhin, ní raibh aon mhórchogadh ar an Mór-Roinn i gcaitheamh an ama sin.[2]

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataCath Waterloo
Waterloo Campaign (en) Aistrigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcath
Ainmnithe in ómósWaterloo
Dáta18 Meitheamh 1815
TréimhseNapoleonic era (en) Aistrigh
Comhordanáidí50°40′41″N 4°24′44″E / 50.6781°N 4.4122°E / 50.6781; 4.4122
ÁitWaterloo Battlefield (en) Aistrigh, Braine-l'Alleud
Tíran Bheilg
RannpháirtitheCéad Impireacht na Fraince, An Phrúis, Hannover, Ríocht Aontaithe na hÍsiltíre, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann agus Brunswick-Wolfenbüttel (en) Aistrigh
Cath Waterloo
cuirassier

Ar an lá úd thug fórsaí na Fraince faoi stiúir Napoleon Bonaparte aghaidh ar chomhghuaillíocht Shasnach, Prúiseach (faoin ordú Gebhard Leberecht von Blücher, Prionsa Wahlstatt) srl. a bhí faoi stiúir an Mharascal Machaire Arthur Wellesley, nó Díuc Wellington mar ab fhearr aithne air in dhiaidh sin.

Ról na nÉireannach cuir in eagar

B'Éireannach é Wellington féin nach raibh iomlán ar a shuaimhneas lena fhéiniúlacht. “Because a man is born in a stable, that does not make him a horse”, ráiteas a leagtar air.

 
Coill Hougoumont

Measadh gur Éireannaigh iad 30%-40̤̤% dá shaighdiúirí Wellington.[3] Mar gur tharla an choimhlint seo i bhfad roimh an athrú mór teanga a bhain leis an nGorta Mór, is cinnte go raibh Gaeilge le clos ar pháirc an áir (b’fhiú leis na húdaráis ‘Rialacha agus Orduithe’ a chur i gcló i nGaeilge sa bhliain 1806 maidir le téarmaí seirbhíse agus pá).[4]

Bhí plandaí de phórtha uaisle agus sliocht na cosmhuintire ann:

  • an Ciarraíoch Maruice O’Shea,
  • Peter McMullen a chaill dhá ghéag,
  • William Ponsonby a bhí i gceannas ar mharcshlua,
  • Jenny Griffith a chaith trí lá ag cuartú a fir tar éis na cogaíochta
  • James Graham, a thuill clú agus gradam de bharr a ghaiscí.
 
 

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Feasta - alt 5". www.feasta.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-09-08. Dáta rochtana: 2019-06-17.
  2. "Waterloo na nGael – léiriú snasta, machnamhach ar eachtra mhór" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-06-17.
  3. Frank McNally. "Irish blood, English brass neck – An Irishman’s Diary about who really won Waterloo" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-07.
  4. gaeilge.org.au (8 Lúnasa 2015). "An Lúibín". Dáta rochtana: 2020.