Cathair na Mart

baile i gContae Mhaigh Eo

Is baile í Cathair na Mart (Béarla: Westport agus Cahernamart) atá in iarthar Chontae Mhaigh Eo. Gar do Chuan Mó atá an baile.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCathair na Mart

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°48′00″N 9°32′00″W / 53.8°N 9.5333°W / 53.8; -9.5333
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán6,198 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde80 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie132920
Suíomh gréasáinwestporttc.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Fairgreen

Stair cuir in eagar

Tógadh Teach Chathair na Mart ar dtús ag Richards Cassels, ailtire Gearmáinis, sna 1730idí. Tá doinsiúní an caisleán Uí Máille fós ann inniu.

Is baile neamhchoitianta í Cathair na Mart in Éirinn, mar is baile pleanáilte í. Rinne James Wyatt, ailtire cáiliúil Sasanach, plean don bhaile sna 1780idí. Chríochnaigh sé Teach Chathair na Mart, baile don Marquess den Sligeach. Ba le muintir Browne an teach le fada an lá, agus tá sé scailte don phobal óna 1960idí.

 
Teach Chathair na Mart

Cuireadh Teach Chathair na Mart ar an margadh i mí Feabhra 2016 agus luach €10m luaite leis. Is le comhlacht áitiúil gnó faoi úinéireacht mhuintir Hughes atá sé anois.[1]

 
Tá teach tábhairne ag Matt Molloy (as "The Chieftains") ar Sráid an Droichead

Cultúr cuir in eagar

Tugtar an t-ainm "Covies" ar na daoine áitiúla. Bhí an chanúint "Covey" ann .. Go dtí an lá seo, tugann daoine in aice Cathair na Mart (Caisleán an Bharraigh san áireamh) an t-ainm "Covey" ar dhuine as an mbaile.

Tá teach tábhairne ag Matt Molloy (as "The Chieftains") ar Sráid an Droichead, i gcroí an bhaile.

Féilte cuir in eagar

Tá roinnt féile ar siúl i rith na bliana:

  • Feabhra: Seachtain Sláinte Cathair na Mart
  • Meitheamh: Féile Capall agus Pónaí Cathair na Mart.[2]
  • Meitheamh: Féile Iascaireacht Slaite Farraige. Tá cáil idirnáisiúnta ar an fhéile.
  • Iúil: oilithreacht go Cruach Phádraig. Téann timpeall 15,000 go dtí barr an chnoic ar Dhomhnach na Cruaiche.
  • Meán Fómhair: Féile na hEalaíon.
  • Deireadh Fómhair: Féile Bia Farraige Cathair na Mart.
 
Radharc: Cruach Phádraig (ar chlé) agus Oileán Clár (ar dheis).

Na Meáin Chumarsáide cuir in eagar

Tá nuachtán seachtainiúil saor in aisce ann, an Mayo News, a bunaíodh sa bhliain 1892.

Turasóireacht cuir in eagar

Radharcanna is mó a mheallann daoine chun Cathair na Mart. I gcóngar: Conamara, Oileán Acla, Cuan Mó agus Cruach Phádraig.

Tá cúrsa gailf le 18 poill ag Cathair na Mart.

Tá Cathair na Mart nasctha le Plougastel Daoulas sa Fhrainc agus Aror sa Chéinia

 
Holy Trinity (Eaglais na hÉireann), sráid Newport, 1872 le Sir Thomas Newenham Deane.

Religiún cuir in eagar

Tá dhá séipéal i gCathair na Mart, Séipéil Holy Trinity (Eaglais na hÉireann) agus Séipéil Naomh Muire (Caitliceach). Bhí séipéal Modhach sa bhaile, ach is bialann é anois.

Daoine cuir in eagar

An tAthair Micheál Mac Gréil, SJ

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar