Bhíodh timpeall 100 cathairstát sa tSean-Ghréig agus ba bhall de cheann acu gach Gréagach. Tá fréamh an fhocail polaitíocht le fáil sna cathairstáit freisin: tagann an focal tríd an mBéarla dúinn ón nGréigis - polis (cathair) agus polites (saoránach).

Ní raibh an chathair amháin i gceist nuair a labhraítí faoin chathairstát - bhí an ceantar tuaithe thart timpeall uirthi i gceist freisin. Tógadh ballaí cosanta thart ar roinnt de na cathracha. Shín ballaí na hAithine ón gcathair go dtí an calafort, Piréas, thart ar 5 km.