Cathaoir Ó Dochartaigh

taoiseach Éireannach

Taoiseach ar chlann Uí Dhochartaigh in Inis Eoghain, Tír Chonaill ba ea Cathaoir Ó Dochartaigh (1587-1608).

Infotaula de personaCathaoir Ó Dochartaigh
Beathaisnéis
Breith1587
Bás1608
20/21 bliana d'aois

Ní raibh sé ach 14 bliana d'aois nuair a tháinig sé i gcomharbacht ar a athair Seán Óg. Bhí ridireacht faighte ag a sheanathair Seán mór ó Rí Shasana sa bhliain 1541 ionas go bhféadfadh sé a thailte a choinneáil mar Thiarna Inis Eoghain. Rinneadh ridire de Chathaoir nuair a bhí sé ina dhéagóir as ucht troid ar thaobh na Sasanach i gCogadh an Dá Aodh. Tugadh cuireadh go Londain dó agus d'fhill é go hÉirinn mar aimiréal ar chathair nua Dhoire Cholm Cille. Ach bhí aighneas go minic idir é agus na plandóirí agus cuireadh tréas ina leith. Tar éis dó a dhílseacht a thabhairt don Choróin sa chogadh mór i gcoinne Aodh Ó Néill agus Cúige Uladh a bheith bánaithe agus curtha faoi smacht ag plandóirí d'éirigh sé amach agus loisc sé Doire go talamh - mharaigh sé Gobharnóir na cathrach chomh maith. Ach ní raibh ar a shon aige ach gur cuireadh fórsa láidir ina choinne.

Cuireadh chun báis é agus crochadh a cheann in airde ar phíce i mBaile Átha Cliath mar phionós don 'audacious traitor'.