Ceantar in Iorras i dtuaisceart Chontae Mhaigh Eo in iarthar na hÉireann is ea Ceathrú Thaidhg (Béarla: Carrowteige - ach níl stádas oifigiúil ag an bhfoirm ghalldaithe, ós rud é gur ceantar Gaeltachta é seo). Tá Ceathrú Thaidhg suite i nGaeltacht Mhaigh Eo agus deirtear gurb é an ceantar seo an ceantar Gaeltachta is láidre sa gcontae. Deirtear chomh maith go bhfuil an Ghaeilge sa gceantar seo leathbhealach idir Gaeilge Chonamara agus Gaeilig Thír Chonaill i dtaobh an fhoclóra dhó.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCeathrú Thaidhg

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°18′50″N 9°49′01″W / 54.3139°N 9.8169°W / 54.3139; -9.8169
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde91 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Tá baile Cheathrú Thaidhg suite in Iorras idir Ceathrú na gCloch agus Port a' Chlóidh, dhá mhíle is fiche ó Bhéal a' Mhuirthead. Tá sé cois trá agus lonnaithe idir dhá chnoc - Cnoc a' Ghairtéil agus Cnoc an Daimh. Tá teach an phosta, siopa, ionad eolais na Seanscoile, naíonra, scoil náisiúnta, halla, séipéal Mhuire gan Smál agus teach an phobail i gCeathrú Thaidhg. Tá na tithe scartha amach óna chéile. Tagann roinnt mhaith cuairteoirí chun an cheantair, agus scoláirí ag foghlaim Gaeilge. Níl trá ar bith sa mbaile féin ach tá sé gar do thrá na Rinne Rua.

Naisc Sheachtracha cuir in eagar