Ceathrar Guildford

Ceathrar Guildford


Ceathrar as Tuaisceart Éireann agus Sasana a fritheadh ciontach go héagórach as ionsaí buamála de chuid an IRA sa bhliain 1974 ba ea Ceathrar Guildford, mar a bhí na meáin á thabhairt orthu.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCeathrar Guildford
Íomhá
Cineálgrúpa daoine
Wikipedia article covering multiple topics (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid

Scéimhlitheoireacht cuir in eagar

Ar an 5 Deireadh Fómhair 1974, phléasc dhá bhuama ag an Horse and Groom agus an Seven Stars, dhá theach tábhairne sa bhaile Sasanach Guildford, Surrey, ina mbíodh baill d'Arm na Breataine go rialta. Maraíodh ceathrar saighdiúirí sna déaga agus sibhialtach.

Ba iad sin Caroline Slater, 18, William Forsyth 18, John Hunter 17 agus Ann Hamilton, 19, agus sibhialtach a bhí ina shuí in aice leo, plástrálaí Paul Craig, 22. Gortaíodh 57 eile, cuid acu go dona.[2][3]

Tamall gearr i ndiaidh an uafáis phléasc buama i dtábhairne eile sa chomharsanacht inar gortaíodh ochtar. Coicís ina dhiaidh sin maraíodh beirt saighdiúirí in ionsaí buamála in Woolwich. Ba iad na hionsaithe sin an chéad racht d’fheachtas buamála de chuid Shealadaigh an IRA i Sasana.

Triail cuir in eagar

Cuireadh an-bhrú ar na bpóilíní teacht ar na daoine a bhí ciontach as gan mhoill, I mí na Nollag 1974, gabhadh ceathrar daoine óga, mar atá Gerry Conlon, Paul Hill, Patrick Armstrong agus Carole Richardson.

Chuir Michael Havers cás an ionchúisimh i láthair.

 
An t-abhcóide Michael Mansfield ag tabhairt óráide in ómós do Gerry Conlon.

Ciontaíodh iad, agus gearradh príosún saoil orthu. Chaitheadar cúig bliana déag faoi ghlas, cé nach raibh baint ar bith ag duine acu leis an ionsaí.

Éagóir cuir in eagar

D’fhág na cúisimh lochtacha, faoistin le héigean, bréag-chuntais ar agallaimh agus eolaíocht fhóiréinseach easnamhach nach bhfuair na híobartaigh an ceart ariamh. Níor ciontaíodh aon duine a bhí freagrach. D’admhaigh daoine as an mbuíon ón IRA ar tugadh an ‘Balcombe Street gang’ orthu gurbh iadsan a bhí ciontach as na hionsaithe in Guildford (agus Woolwich) ach diúltaíodh glacadh lena n-admháil mar go mbainfeadh sin an bonn den phianbhreith a bhí curtha ar na daoine a bhí i bpríosún; níor cúisíodh iad i dtaca le Guildford ná Woolwich.[4]

Scaoileadh an Ceathrar Guildford amach ar an 19 Deireadh Fómhair 1989.

Ar 21 Aibreán 1994, d'éirigh le hachomharc Paul Hill, duine den Ceathrar Guildford, maidir le dúnmharú Brian Shaw, saighdiúir i dTuaisceart Éireann.[5] Cuireadh an ciontú ar neamhní faoi dheireadh. Ach níor chreid deartháir Shaw (Malcolm Shaw) scéal Paul Hill.[6]

IRA cuir in eagar

 
North Street Guildford, áit a raibh an Horse and Groom

Níor ciontaíodh aon duine a bhí freagrach. Níl aon cheist ach gurbh é an IRA Sealadach a mharaigh agus a ghortaigh iad, arsa an Cróinéir.

D’admhaigh daoine as an mbuíon ón IRA ar tugadh an ‘Balcombe Street gang’ orthu gurbh iadsan a bhí ciontach as na hionsaithe in Guildford agus Woolwich. Ach diúltaíodh glacadh lena n-admháil mar go mbainfeadh sin an bonn den phianbhreith a bhí curtha ar na daoine a bhí i bpríosún; níor cúisíodh iad i dtaca le Guildford ná Woolwich.

Drámú agus leabhair cuir in eagar

Tháinig an scannán In the Name of the Father amach sa bhliain 2002, le Jim Sheridan agus Daniel Day-Lewis.[7]

 
Swan Lane Guildford, áit a raibh an Seven Seas

Scríobh Richard O’Rawe In the Name of the Son, beathaisnéis faoi Conlon. Tráchtann aisteoir Hollywood Johnny Depp sa leabhar ar thuras bóthair a thug sé go dtí Corca Dhuibhne in éineacht le Gerry Conlon.[8]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Guildford Four and Maguire Seven" (as en) (2021-11-08). Wikipedia. 
  2. Seán Ó hÉalaí. "Cuimhne chráite Conlon" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-05.
  3. Póilín Ní Chiaráin (2019). "‘Ní stair ársa í seo’ – freagraí dlite faoi bhuamáil Guildford" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-05.
  4. Póilín Ní Chiaráin (3 Feabhra 2019). "‘Ní stair ársa í seo’ – freagraí dlite faoi bhuamáil Guildford" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-27.
  5. "BBC News | NORTHERN IRELAND | Guildford Four man meets victim's brother". news.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2019-04-21.
  6. "Twenty years of pain for IRA victim's family" (en). UPI. Dáta rochtana: 2019-04-21.
  7. "In the Name of the Father (film)" (as en) (2019-04-10). Wikipedia. 
  8. "‘Who wouldn’t want to go to a place called Dingle to see a dolphin called Fungie?’ arsa Johnny Depp" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-21.