Cecil Rhodes

fear gnó, móruasal agus gróintín Sasanach

Fear gnó, móruasal agus gróintín ba ea Cecil John Rhodes (5 Iúil 185326 Márta 1902), a bhunaigh stát na Róidéise i ndeisceart na hAfraice.

Infotaula de personaCecil Rhodes

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Cecil John Rhodes
5 Iúil 1853
Bishop's Stortford, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Márta 1902
48 bliana d'aois
Muizenberg Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Cliseadh croí)
Áit adhlacthaRhodes Grave (en) Aistrigh
Gwanda (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
2 Príomh-Aire Choilíneacht na Rinne
4 Bealtaine 1893 – 12 Eanáir 1896
← Cecil RhodesGordon Sprigg (en) Aistrigh →
1 Príomh-Aire Choilíneacht na Rinne
17 Iúil 1890 – 3 Bealtaine 1893
← Gordon Sprigg (en) AistrighCecil Rhodes →
Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
Ball de Ríchomhairle na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaImpiriúlachas
ReiligiúnAnglacánachas
Áit chónaitheKimberley (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmfiontraí, taiscéalaí, coilíneach, eacnamaí, polaiteoir, daonchara Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínFrank Rhodes
Síniú


Find a Grave: 2313 Cuir in eagar ar Wikidata

Óige cuir in eagar

Rugadh Rhodes sa bhliain 1853 i Hertfordshire, Sasana. Mac leis an tUrramach William Francis Rhodes agus Louisa Péacóige Rhodes ab ea é. Oifigeach airm ab ea a dheartháir Francis William Rhodes.

D'fhreastail Rhodes ar scoil i Bishop's Stortford, agus d'éirigh sé an-tinn go luath tar éis an scoil a fhágáil. Measadh go mbeadh sé go maith dó dul go haeráid níos teo agus cuireadh go Natal san Afraic Theas mar a raibh a dheartháir ina fhear gnó. Thug sé leis £3,000 a thug aintín dá chuid dó, agus d'infheistigh sé an t-airgead sin i mianaigh diamaint i Kimberley.

 
Cecil John Rhodes

Chaith sé tamall ansin ar fheirm a dhearthár Herbert agus i 1871 d'fhág sé an choilíneacht chun dul i mbun mhianach a dhearthár i Kimberley.

I 1873 d'fhill Rhodes ar Shasana chun a chuid staidéir a thosú, agus a shaibhreas déanta cheana féin aige. Bhí Rhodes ina mhac léinn i gColáiste Oriel, Ollscoil Oxford, sa bhliain 1873 don chéad uair, agus ansin i 1876. Nuair a bhí sé in Oxford, chuaigh Rhodes ina bhall de na Máisiúin. D'fhan sé sna Máisiúin go dtí lá a bháis.

I 1880 bhunaigh Rhodes comhlacht mianadóireachta de Beers agus ghabh sé seilbh ar chuid mhór éileamh a bhí ag daoine eile. Ba leis féin an chuid ba mhór den mhianach diamaint ba mhó a bhí riamh ar domhan.

Polaitíocht cuir in eagar

Toghadh Rhodes ina ionadaí i dTionóil an Cape in 1880, agus chuir sé an-chuid spéise sna pleananna a bhí ann chun an choilíneacht a leathnú isteach i dtailte eile.

Faoi 1890 bhí Rhodes ina phríomh-aire agus chinntigh sé go mbeadh reachtaíocht na coilíneachta fabhrach do na comhlachtaí mianadóireachta, agus rith sé dlíthe a bhain a gcuid tailte den chine ghorm san Afraic Theas. Theastaigh uaidh cumhacht impiriúil na Breataine a mhéadú agus d'ionsaigh sé Poblacht na mBórach, ach theip ar Ruathar Jameson agus b'éigean dó éirí as oifig mar phríomh-aire.

Thacaigh Rhodes le Parnell agus Náisiúnaithe na hÉireann, a bhí ag lorg neamhspleáchas teoranta d'Éirinn laistigh den Impireacht.

D'úsáid Rhodes a chuid saibhris mar sin féin chun tailte nua a ghabháil don impireacht. Bhunaigh sé an British South Africa Company agus ghabh sé seilbh ar thailte na Shona, mar a bhfuil an tSiombáib inniu. Nuair a d'éirigh na Matabele agus na Shona amach ina choinne ghoid sé a dtalamh agus a gcuid eallaigh uathu agus chuir sé faoi chois iad.

 
Uaimh Cecil John Rhodes, Matopos Hills, Zimbabwe.

Tugadh 'Rhodesia' mar ainm ar na gcoilíneacht nua in onóir do Rhodes. Rinne banphrionsa Polannach darbh ainm Catherine Radziwill stalcaireacht air níos déanaí ina shaol. Rinne sí maíomh bréagach go raibh sí geallta leis. D'iarr sí air í a phósadh, ach dhiúltaigh sé. Bhain sí díoltas amach tré chalaois iasachta a chur ina leith. Bhí air dul chun trialach agus fianaise a thabhairt i gcoinne an chúisimh.

Bás cuir in eagar

Bhásaigh Rhodes go gairid tar éis na trialach in aghaidh Radziwill i 1902 (taom croí i Muizenberg).

Scríobh Radziwill beathaisnéis ar Rhodes faoin teideal Cecil Rhodes: Fear agus Déantóir Impireachta. Cruthaíodh ar deireadh nach raibh aon fhírinne ag baint le líomhaintí Radzwill.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar