Is í an deichiú litir den aibítir oghaim an Cheirt[1]. Is í an cúigiú litir den Aicme Uatha. Trascríofa le Q, seasann sí d'fhóinéim liopachoguasach na Gaeilge Cianaí; is é [kʷ] a luach foghraíochta.

Bosca Sonraí GraiféimCeirt

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállitir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deogham Cuir in eagar ar Wikidata
 < coll Cuir in eagar ar Wikidata    

Sanasaíocht cuir in eagar

Cuireann McManus (1991:37) ainm na litreach i gcomórtas le perth na Breatnaise ‘sceach’, agus quercus na Laidine ‘dair’. Athchruthaíodh an focal as Gaeilge Chianach mar *kʷer[x]tā. Fréamhaithe is ea é ón bPróit-Ind-Eorpais *perkwos. In Auraicept na n-Éces den 14ú haois, tugtar di an ghluais aball, abhaill. Meascadh an t-ainm leis an bhfocal ceirt,[2] .i. ‘giobal’, mar a fheictear sna briatharoghaim (féach thíos).

Briatharogham cuir in eagar

Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach sna Briatharoghaim:

  • Clithar baiscill[3][4] (cliothar allta) i mBriatharogham Morainn mac Moín
  • Bríg anduini (brí anduine) i mBriatharogham Maic ind Óc
  • Dígu fethail[5] (díogha feathail/suaitheantais) i mBriatharogham Con Culainn

Foinsí cuir in eagar

  • Damian McManus, A Guide to Ogam, Maynooth 1991.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1 ceirt ar eDIL, abhaill
  2. 2 ceirt, ceirt, giobal, ar eDIL
  3. clithar ar eDIL
  4. baiscell ar eDIL
  5. an duine (a) ar eDIL


Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P