Cellach mac Fáelchair

rí Éireannach

Rí na nOsraí den Dál Bhirn ba ea Ceallach mac Faolchair (Sean-Ghaeilge Cellach mac FáelchairCellach Raigni) (bás 735). Faolchair ua Maoil Ódrain (bás 693), iar-rí, ba ea a athair.[1]. Tháinig sé i gcomharbacht ar Ailill mac Fáeláin.

Infotaula de personaCellach mac Fáelchair
Beathaisnéis
Bás735
Ríthe na nOsraí
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachDál Birn Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteDúngal mac Cellaig Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFáelchar Ua Máele Ódrain

Ní fios cathain a tháinig sé i gcoróin. Cú Chearca mac Faoláin (bás 712) ba ea an rí deireanach Osraí luaite sna hannála roimh to Cheallach féin. Sna ríliostaí le fáil sa Leabhar Laighneach ámh tá beirt ríthe idir Cú Chearca agus Ceallach.

Ag an am seo, bhí na hOsraí cuid de ríocht na Mumhan agus san 8ú haois bhíodar go minic i mbun achrainn leis na Laigin. Maraíodh athair Cheallaigh ag tríd ina gcoinne. Sa bhliain 735, throid fir na Mumhan, faoi cheannas Chathail mhic Fhinghin (bás 742), agus na Laighean Cath Bhealach Éile.[2][3] Maraíodh go leor fir na Mumhan, Ceallach ina measc. Is amhlaidh, as suíomh an chatha, go raibh Ceallach an t-ionsaitheoir, ag iarraidh leas a bhaint as an gcoimhlint idir Uí Dúnlainge agus Uí Chinnsealaigh na Laigean.[4]

Tháinig Forbasach mac Ailellai gcomharbacht air. Rinneadh rí Osraí freisin dá mhac Dúnghal (bás 772) in ann trátha, ach tháinig géag eile den rítheaghlach i gceannas níos deireanaí.

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Rawlinson B 502, lch. 111
  2. Annála Uladh, AU 735.3
  3. Annála Tiarnaigh, AT 735.3
  4. Byrne, lch. 209