Ceol traidisiúnta na hÉireann

Tá an ceol traidisiúnta lárnach do chultúr na hÉireann. Sa teach tábhairne is mó a thionóltar na seisiúin cheoil agus de ghnáth cuirtear fáilte roimh gach aon cheoltóir.

Ceol Traidisiúnta na hÉireann
Dealbh, Lios Dúin Bhearna
TírÉire
GairmAmhráin a sheinm, damhsa agus canadh
Fógra d’fhéile sean-nós ón bhliain 2011.

Ceol rince, den chuid is mó, is ea ceol traidisiúnta na hÉireann ach sa lá atá inniu ann is minic a sheinntear é don lucht éisteachta amháin - gan rinceoirí ar bith. Tá cineál éagsúla foinn le cloisteáil ach is fearr le ceoltóirí ríleanna agus poirt a sheinm. Is fearr ar féidir leo a gcumas a thaispeáint agus iad ag triall ar na túin siúd.

Modhanna cuir in eagar

 
Seisiún ceoil

Blianta ó shin ní raibh aon nótaí ceoil ann toisc go seinntear gach rud de glan mheabhair. Ní raibh na ceoltóirí in ann nótaí a léamh san am atá caite, áfach sa lá atá inniu ann is féidir nótaí do na hamhráin a fháil má bhfreastlaíonn tú ar ghrúpa ceoil nó is féidir nótaí a fháil ar an idirlíon freisin.

Uirlisí úsáidte do cheol traidisiúnta na hÉireann cuir in eagar

Baintear úsáid as réimse leathan uirlisí chun ceol traidisiúnta a sheinm.

An Fheadóg Stáin cuir in eagar

Príomhalt: Feadóg stáin

Is uirlis bheag í seo inarbh fhéidir na hamhráin a sheinm go glórmhór cé go bhfuil sé beag.[1]

An fheadóg mhór (feadóg adhmad) cuir in eagar

Is uirlis í atá níos mó ná an fheadóg stáin ach cloiseann na nótaí níos ísle toisc go bhfuil an uirlis níos mó ná an fheadóg stáin. Tháinig an fheadóg stáin agus an fheadóg mhór chun cinn sa luath 18ú haois.[1]

An bainseó cuir in eagar

Príomhalt: Bainseó

Is uirlis í ina bhfuil corp saghas mór aige agus go bhfuil muineál an uirlis thanaí. De ghnáth tá ceithre shreang ar an uirlis seo ach is féidir cúig nó sé shreang a chur uirthi freisin.[2]

Na píopaí uillinne agus mála cuir in eagar

Príomhalt: Píb mhála

Tháinig na píopaí uillinne chun cinn timpeall an 18ú agus an 19ú haois. Ní fheictear iad in a lán grúpaí cheoil ach is páirt den cheol traidisiúnta iad.[2]

 
Bodhrán le cipín in aice leis.

An bodhrán cuir in eagar

Is uirlis í a bhfuil comónta go leor i ngrúpaí cheoil sa lá atá inniu. Is uirlis déanta as adhmad í. Coimeádann an t-amhránaí a bhodhrán i lámh amháin agus úsáideann sé a chipín chun clúdach an bodhrán a bhualadh leis a lámh eile. Cruthaíonn sé rithim agus seinneann na hamhránaithe eile sa ghrúpa leis.[2]

Cláirseach cuir in eagar

Bíonn idir 14 - 17 sreang ar chláirseach. Ní fheictear an chláirseach go minic á seinm i ngrúpaí cheol. Seinntear iad ar a haonar de ghnáth. Ach, is féidir cláirseach a sheinm toisc go bhfuil sé á sheinm sa ghrúpa 'The Chieftains' [1]

An giotár cuir in eagar

Is uirlis í seo ina bhfuil sé shreang aige. Tugann giotár tacaíocht don tiúin tríd cordaí a sheinm ach is féidir an tséis a sheinm freisin.

An fhidil cuir in eagar

Tá an fhidil an - chomónta ag seisiúin cheoil. Tá ceithre shreang ar an uirlis. Don chuid is mó is í an fhidil a sheinntear sa teach tábhairní ag na seisiúin cheoil. Tháinig an fhidil chun cinn sa 16ú aois agus is mar cheannaire í an fhidil sna séisiúin cheoil mar leanann an grúpa an fhidil de ghnáth.[2]

Stíl an cheoil cuir in eagar

De ghnáth bíonn stíl áirithe ag baint le hamhráin a bhaineann le ceol traidisiúnta na hÉireann. Bíonn na hamhráin briste síos in dhá pháirt. Seinntear an chéad chuid (Part A) agus an dara páirt (Part B) agus seinntear an dá chuid faoi dhó. Bíonn foirm AABB ag baint leis na hamhráin traidisiúnta agus seinneann na ceoltóirí an fhoirm trí huaire. Ciallaíonn sin go seinntear an t-amhrán mar AABB, AABB, AABB.[3] Bíonn foirm dhifriúil ag baint leis na réimsí éagsúla amhráin atá ann.

Is féidir cornphiopa (amchomhartha 4/4), polcaí (amchomhartha 2/4), poirt (amchomhartha 12/8), port luascadh (amchomhartha 9/8), port dúbailte (amchomhartha 6/8) agus foinn a sheinm ina mbíonn foirm difriúla acu agus bíonn na hamchomharthaí difriúla ag baint leo freisin.

Ceoltóirí agus grúpaí cuir in eagar

Bhí clú agus cáil bainte amach ar feadh na mblianta ag The Chieftains, grúpa a chloíonn leis an bhfíor traidisiún ach atá ag éirí aosta anois.

Tá ceoltóirí nua-aimseartha cosúil leis an sáramhránaí, Liam Ó Maonlaí, ag taiscéal a gceird agus go nádúrtha tá tionchar mór orthu ón bpopcheol agus ceol tíre ó thíortha eile. Grúpaí eile mór le rá is ea Clannad, Dervish agus Kíla. Ceoltóirí eile clúiteacha is iad Máire Brennan agus Altan.

Grúpa eile a bhfuil clú agus cáil bainte lena hainm ná 'Fusion Fighters'. Is grúpa ceoil iad a théann ag taistil timpeall an domhain. Bíonn siad ag iarraidh teachtaireachtaí faoin lá inniu (agus chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine agus chun daoine a chur ar eolas faoi fhadhbanna an lae inniu) a chur chun cinn. Cuireann siad taispeantasaí agus ceolchoirm ar siúl do dhaoine ar fud an domhain. Tá breis is caoga rinceoirí proifisiúnta acu, chomh maith leis níos mó ná fiche ceoltóirí a sheinneann ceol traidisiúnta dóibh agus na céadta scoláire á n-obair leo ar fud an domhain.[4]

Ceoltóir eile a sheinneann ceol traidisiúnta a bhfuil clú agus cáil lena n-ainmneacha ná Sharon Shannon, Deasún ó Donghaile (Dezi Donnelly) agus Séamus Mac Giolla Mhuire (Jim Murray). Seinneann Dezi an fhidil agus seinneann Jim Murray an giotár. Sheinn siad amhráin lena chéile ag ceolchoirm 'Celtic Connections' sa bhliain 2011.[5] Seinneann Sharon Shannon an bhosca ceoil agus sheinn sí ag an gceolchoirm 'Celtic Connections' i 2011 freisin.[6]

Tá Sharon Shannon á seinm cheolchoirmeacha in Éirinn, Ceanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i mbliana agus i 2021.[7]

Chomh maith leis ceol traidisiúnta a sheinm tá go leor amhránaí ann a bhfuil cáil acu tríd an stíl 'Sean - Nós' a chanadh. Is féidir Nioclás Toibin (Gael Linn) an stíl Sean - Nós Cúige Mumhain a chanadh. Is féidir Eibhlís Ní Shuilleabháin an stíl a chanadh freisin.

Amhráin ar an sean-nós cuir in eagar

Is amhráin iad gan tionlacann don chuid is mó ach seinntear uirlis cheoil leis uaireanta. Canann amhránaí agus iad ag cur gearradh, rollaí agus aon sórt ornádaíocht ann. Bíonn an t-amhránaí ag canadh faoi eachtra a tharla agus ag insint scéal faoi. Canann na hamhránaithe ar théama áirithe freisin ar nós, grá, bás nó rudaí mar sin de.[8]

Réigiúin sean nós agus stíl cuir in eagar

Cantar Sean - Nós ar fud na hÉireann ach is iad Cúige Mumhan, Conamara agus Dún na nGall na príomh - áiteanna a bhfeictear an Sean - Nós. is féidir liosta ainmneacha a fháil do na daoine gur féidir leo an stíl Sean - Nós a chanadh ar comhaltas.ie freisin.[9]

Cúige Mumhan cuir in eagar

An saghas stíl a bhaineann leis an Sean - Nós i gCúige Mumhan ná go mbíonn an - chuid srónaíl agus gearradh in Iarthar Corcaigh agus i gContae Chiarraí. Bíonn stíl an - miollosmach ag baint leis an stíl a bhfaightear in Iarthar Chontae Phort Láirge.[10] Is féidir Nioclás Toibin (Gael Linn) an stíl ar an Sean - Nós Cúige Mumhain a chanadh. Is féidir Eibhlís Ní Shuilleabháin an stíl a chanadh freisin.

Cúige Uladh cuir in eagar

Is í Contae Dhún na nGall an phríomháit a bhfaightear amhráin ar an Sean - Nós i gCúige Uladh. An stíl a bhaineann leo ná go bhfuil stíl miollosmach atá níos simplí ná an stíl a bhfaightear i gCo. Corcaigh agus Ciarraí.[10] Is féidir le Gearóidín Breathnach an stíl Sean- Nós Co. Dún na nGall a chanadh agus bhí Paddy Tunney ábalta an stíl seo a chanadh freisin.[11]

Cúige Chonnacht cuir in eagar

Is i gConamara ina bhfuil an stíl is láidre Sean - Nós ann. Baineann siad úsáid as an - chuid ornádaíocht sa stíl seo. Baintear úsáid as an - chuid srónaíl gearradh rollaí agus mar sin de sa stíl seo.[10] Daoine gur féidir leo an stíl seo a chanadh ná Darach Ó Catháin agus Máire Nic Dhonnachadha.

Féilte cheoil cuir in eagar

Bíonn go leor comórtais agus féilte cheoil ar siúl in Éirinn a léiríonn na réimsí leathan ceol traidisiúnta atá ann agus an réimse leathan ceoltóirí traidisiúnta agus ceoltóirí nua - aimseartha a thaispeánann a gcuid snas atá acu ar an gceol traidisiúnta.

An Fhleadh Cheoil in Éirinn cuir in eagar

fleadh cheoil na hÉireann ar siúl i Muileann gCearr Co. na hIarmhí i mbliana.[12] Tá an comórtas á thosú ar an dara lá Lúnasa agus á chríochnú ar an naoú lá Lúnasa (2 - 9 Lúnasa). Téann na mílte duine go dtí an bhFleadh Cheoil chuile bhliain. Ní chaithfidh daoine uirlis a sheinm chun taisteal ar an bhFleadh, ach is féidir leo a huirlis cheoil a thabhairt leo má bhí siad ag iarraidh cúpla tiúin a sheinm. Cuireann an Fhleadh fáilte roimh aon duine gur mhaith leo taistil ar an bhFleadh agus is cuma cén aois a bhfuil siad, tá fáilte rompu. De ghnáth déanann TG4 taifead ar an bhFleadh agus cuireann siad an comórtas ar fáil do dhaoine sa bhaile nach raibh in ann a bheith an ag an bhFleadh.[13]

De ghnáth bíonn an Fhleadh ar siúl in áit áirithe ar feadh dhá bhliain agus ansin bíonn sé ar siúl in áit éagann eile ar feadh dhá bhliain srl. Anuraidh, b'í an Droichead Átha láithreán don Fhleadh agus an bhliain roimhe sin b'í Co. an Chláir an áit ina raibh an Fhleadh i 2017.[14]

 
Féile do cheoil traidisiúnta na hÉireann i SAM

An Fhleadh Cheoil lasmuigh d'Éirinn cuir in eagar

Bíonn an Fhleadh Cheoil ar siúl lasmuigh d'Éirinn chomh maith. Bíonn comórtas agus féilte ar siúl i Sasana freisin. Tá Coimisiúin Ceoltais don Réigiúin Lárthíre i gceannas ar an gcomórtas Fleadh a chur ar siúl do dhaoine atá ina gceantair. Bíonn féile cheoil ar siúl i Meiriceá Thuaidh freisin chun léiriú a dhéanamh ar an gceol traidisiúnta ó Éirinn. Bíonn daoine ag insint finscéalta agus agus canadh amhráin Sean - Nós ag an bhféile freisin.[15]

Foghlaim an cheoil traidisiúnta cuir in eagar

Tá go leor grúpaí cheoil ann a mhúineann ceol traidisiúnta do dhaoine a bhfuil fonn orthu uirlisí a fhoghlaim. Is í 'Craobh Sheán Tracey CCÉ' (CCÉ = Comhaltas Ceoltóirí Éireann) ceann do na grúpaí sin.[16] Tá an grúpa seo lonnaithe i gContae Bhaile Átha Cliath. Cuireann siad ranganna ceoil traidisiúnta, ranganna rince agus ranganna canadh ar siúl d'aon duine go maith leo freastal ar na ranganna. Is féidir le haon duine ar aon aois freastal ar na ranganna sin freisin.[17]

Comhaltas Ceoltóirí Éireann i gceannas ar a lán áiteanna ar fud na tíre agus ar fud an domhain agus cuireann siad a lán ócáidí ar siúl do dhaoine atá chun dul ann agus breathnú agus éist leis ceol traidisiúnta. Eagraíonn siad roinnt ceolchoirm ar fud na tíre ina gcuireann siad ceol traidisiúnta, rince Gaelach agus canadh ar siúl do dhaoine gur mhian leo freastail iontu. I mBaile Átha Cliath tá níos mó ná sé ghrúpa dhéag ann a bhfuil suim acu sa cheol traidisiúnta.[18]

I gCúige Chonnacht tá níos mó ná cúig ghrúpa is fiche ann i gContae na Gaillimhe agus tá níos mó ann sna Contaetha eile chomh maith.[19]

I gCúige Mumhan tá a lán áiteanna ann chun an cheoil traidisiúnta a fhoghlaim agus a sheinm freisin. Tá breis is ceithre ghrúpa is fiche ann i gCo. Chiarraí agus go leor áiteanna éagsúla ann i gCo. Corcaigh, Port Láirge,Luinmigh agus i gCo. an Chláir.[20]

Mura bhfuil cónaí ort in Éirinn, tá áiteanna éagsúla ar fáil do dhaoine freisin chun a cheoil traidisiúnta a sheinm. Cuireann Comhaltas Ceoltóirí Éireann áiteanna ar fáil do dhaoine i Meiriceá Thuaidh, i gCeanada, san Astráil agus i gcúpla tíortha i Meiriceá Theas agus áiteanna éagsúla san Eoraip freisin. Is féidir freastal ar ranganna ann chun do cheoil a fheabhsú nó chun an cheoil traidisiúnta a fhoghlaim. Cuireann CCÉ roinnt féile ar siúl chomh maith agus is féidir le haon duine dul ann/

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Megan Romer. "Instruments in a Traditional Irish Music Group" (en). LiveAbout. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Paris Donnatella Callan (2019-08-29). "10 ICONIC instruments used in traditional Irish music" (en-GB). Ireland Before You Die. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  3. Cranitch, Matt (2001). "The Irish fiddle book : the art of traditional fiddle-playing". Ossian Publications. OCLC 474798885. 
  4. "Fusion Fighters About" (en). FUSION FIGHTERS. Dáta rochtana: 2020-02-16.
  5. "BBC - Search results for dezi donnelly jim murray" (en-GB). www.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2020-02-16.
  6. "BBC ALBA - Cuirm @ Celtic, 2011, Sharon Shannon, Cuirm @ Celtic: 2011 - Sharon Shannon" (en-GB). BBC. Dáta rochtana: 2020-02-16.
  7. "Tour Dates SharonShannon.com" (en-US). Dáta rochtana: 2020-02-16.
  8. Guest writer (2011-04-28). "Singing in Irish – The Sean-nós tradition" (en-US). Irish Music Daily. Dáta rochtana: 2020-02-16.
  9. "Comhaltas: Amhranaiocht ar an Sean-nos". comhaltas.ie. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  10. 10.0 10.1 10.2 "Sean Nós Singing" (en). Leaving Cert Music. Dáta rochtana: 2020-02-16.
  11. "Comhaltas: Amhranaiocht ar an Sean-nos". comhaltas.ie. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  12. "Fleadh Cheoil na hÉireann 2020" (en-US). Fleadh Cheoil (2019-09-27). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-16. Dáta rochtana: 2020-02-16.
  13. "Fleadh.tv" (en-US). Fleadh.tv. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-16. Dáta rochtana: 2020-02-16.
  14. "Fleadh to return to Ennis in 2017" (en-GB). The Clare Champion (2016-03-21). Dáta rochtana: 2020-02-16.
  15. "At the Fest" (en-US). Michigan Irish Music Festival. Dáta rochtana: 2020-02-16.
  16. "Seán Treacy CCÉ" (en-US). Seán Treacy CCÉ. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  17. "What we do" (en-US). Seán Treacy CCÉ. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  18. "Comhaltas Globally Promotes Traditional Irish Music Dance Culture - View Our Locations". comhaltas.ie. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  19. "Comhaltas Globally Promotes Traditional Irish Music Dance Culture - View Our Locations". comhaltas.ie. Dáta rochtana: 2020-02-17.
  20. "Comhaltas Globally Promotes Traditional Irish Music Dance Culture - View Our Locations". comhaltas.ie. Dáta rochtana: 2020-02-17.