Ceol tuaithe

seánra ceoil Mheiriceánaigh

Seánra ceoil Meiriceánach is ea ceol tuaithe[1]ceol tíre[2]. Thosaigh ceol tuaithe sna 1920idí ó cheol tíre agus ó na gormacha. Aithríonn ceol tuaithe go mór ó shin i leith, ach tá ceol tuaithe ar sheánra is cáiliúla i Meiriceá fós, go háirithe i ndeisceart agus in iarthar Mheiriceá.

Luathstair cuir in eagar

 
Hank Williams, ceoltóir honky tonk

Thosaigh ceol tuaithe mar léiriú Meiriceánach de ceol tíre Éireannach, Sasanach, nó Albanach. Tá tionchar ag na gormacha ar na ceoltóirí seo. Thosaigh ceol tuaithe sna Sléibhte Apaláiseacha. D'úsáid na ceoltóirí luatha fidleacha, giotáir, agus bainseónna go minic. Is iad The Carter Family agus Jimmie Rodgers réaltaí luatha cheol tuaithe. Ag an dtús, tugtar "hillbilly music" (ceol tuaitín) ar cheol tuaithe. Sna 1930idí agus 1940idí, cruthaíodh honky tonk agus luasc-cheol iartharach. Mheasc luasc-cheol iartharach ceol tuaithe traidisiúnta le luasc-cheol, seánra snagcheoil. Chas ceoltóirí honky tonk amhráin faoi ábhair fhiáine, ar nós ól, cearrbhachas, fir nó mná mídhílse. Sheinn ceoltóirí honky tonk ar an bhfidil, ar an sleamhnú giotáir, agus ar an bpianó go minic. Is é Hank Williams an ceoltóir honky tonk is cáiliúla. Mar fhocal scoir, cruthaíodh bluegrass sna 1940idí freisin. Is stíl ceol tíre traidisiúnta í bluegrass. D'fhorbair Bill Monroe, Earl Scruggs, agus Lester Flatt bluegrass mar ghnáthsheánra.

Fuaim Nashville agus Fuaim Bakersfield cuir in eagar

Faoi na 1950idí, forbraíodh tionscal ceoil i Nashville, Tennessee. Thosaigh léiritheoirí ceoil i Nashville ceolfhoirne a úsáid le haghaidh stíl cheol tuaithe a chruthaigh le tionchar popcheol. Bhí Fuaim Nashville mar thoradh. Ba iad Chet Atkins agus Owen Bradley na léiritheoirí is tábhachtaí Fhuaim Nashville. Ba iad Patsy Cline agus Glen Campbell na ceoltóirí is cáiliúla Fhuaim Nashville.

 
Merle Haggard i 1975

Bhí Fuaim Nashville iontach cáiliúil agus rathiúl. Mar sin féin, d'easaontaigh roinnt ceoltóirí lena tionchar popcheoil. Bhí tionchar rac-cheoil ag na ceoltóirí seo. I mBakersfield ag an dtús na 1960idí, California, d'fhorbair Buck Owens agus Merle Haggard fuaim le tionchar rac-cheoil mar fhrithghníomhú in aghaidh Fhuaim Nashville. Tugtar Fuaim Bakersfield uirthi. D'úsáid ceoltóirí Fhuaim Bakersfield uirlisí leictreacha.

1960idí agus 1970idí cuir in eagar

Ag an deireadh na 1960idí, forbraíodh ceol thuath meirligh agus ceol tuaithe forásach. Bhí tionchar ag ceol tíre, rac-cheol, agus an ngluaiseacht amhránaí is scríbhneoir (ar nós Bob Dylan agus Joni Mitchell) orthu. Is samplaí iad Willie Nelson agus Waylon Jennings. Forbraíodh rac-cheol tuaithe freisin. Is samplaí iad Gram Parsons, Buffalo Springfield, roinnt amhránaithe Bob Dylan, Neil Young, Eagles, agus araile.

Popcheol Tuaithe agus Frithghníomhú cuir in eagar

Lean Fuaim Nashville sna 1960idí, agus d'éirigh sí popcheol tuaithe. Bhí ceoltóirí ar nós Glen Campbell, Dolly Parton, John Denver, Olivia Newton-John, Kenny Rogers, agus Linda Ronstadt iontach cáiliúil mar cheoltóri popcheol tuaithe.

D'easaontaigh go leor ceoltóirí le popcheol tuaithe. Forbraíodh go leor frithghníomhaithe dá bharr. Le linn na 1980idí, mheasc ceoltóirí ceol tuaithe le punc-rac agus rinne siad cowpunk mar thoradh. Ba é Meat Puppets an banna cowpunk is cáiliúla. Ag an am sin, forbraíodh Americana freisin. Mheasc ceoltóirí Americana ceol tuaithe, ceol tíre, bluegrass, rac-cheol, na gormacha, agus ceol amhránaí is scríbhneoir mar fhoirm "roots music" (ceol ar an seanstíl). Ba ceoltóirí Americana cáiliúla iad Lucinda Williams, Steve Earle, agus Dave Alvin. Ag an deireadh 1980idí, forbraíodh ceol tuaithe ailtéarnach as an gcowpunk agus as an Americana agus le tionchar indie. Ba ceannródaithe cheol tuaithe ailtéarnigh iad Cowboy Junkies agus Uncle Tupelo.

 
Garth Brooks

Sa phríomhshruth, forbraíodh ceol tuaithe nuatraidisiúnta mar fhrithghníomhú eile. Mheasc siad ceol tuaithe traidisiúnta le popcheol rac. D'éirigh ceol tuaithe nuatraidisiúnta iontach cáiliúil agus móréilimh le ceoltóirí Dwight Yoakoam agus Garth Brooks go háirithe. Díoladh milliúin agus milliúin dá albaim Garth Brooks, No Fences, agus Ropin' the Wind. Is meascán idir ceol tuaithe nuatraidisiúnta agus popcheol tuaithe é iliomad ceol tuaithe comhaimseartha.

Deireadh 1990idí go Anois cuir in eagar

 
Shania Twain

D'éirigh Shania Twain iontach cáiliúil ag an deireadh 1990idí lena halbaim The Woman In Me agus Come On Over. D'éirigh Carrie Underwood agus Taylor Swift iontach cáiliúil níos déanaí sna 2000idí, agus an banna Lady Antebellum. Rinne na ceoltóirí sin popcheol tuaithe.

Sna 2010idí, forbraíodh bro-country, seánra fearúil ach conspóideach cheol tuaithe. Úsáideann ceoltóirí bro-country tionchar ó phopcheol agus ó rapcheol, agus casann siad amhráin faoi mhná gnéasúla, ól, trucailí, agus araile. Ba é "Cruise" le Florida Georgia Line iontach cáiliúil mar amhrán bro-country. Loctaíonn go leor ceoltóirí cheol tuaithe bro-country mar sheánra amaideach agus gnéasaíoch.

 
Taylor Swift

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. “country music” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-09.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “country music — Aistriúchán Gaeilge ar country music (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-06-09.