An baile is mó i dTríonóid agus Tobága is ea Chaguanas agus 83,516 duine ina gcónaí ann. Bronnadh stádas mar bhardasacht air sa bhliain 1990. Tá dhá bhaile eile sa tír a bhfuil stádas oifigiúil mar chathracha acu, San Fernando agus Port of Spain, an phríomhchathair, ach tá Chaguanas níos mó ná iad. Is é Chaguanas an baile is tapúla fás: sa bhliain 1988 ní raibh ach 8,000 míle duine ann. Faigheann daoine áiseanna siopadóireachta neamhchostasaí in Chaguanas chomh maith le tithíocht ar phraghas réasúnta.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilChaguanas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 10°30′52″N 61°24′27″W / 10.5144°N 61.4075°W / 10.5144; -61.4075
Stát ceannasachOileán na Tríonóide agus Tobága Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán83,489 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,399.65 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla23.03 mi² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde0 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1797
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist120110 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód868 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód ISO 3166-2TT-CHA Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinchaguanasborough.com Cuir in eagar ar Wikidata

Tá Chaguanas suite 18 km (11 míle) ó dheas ó Port of Spain, in iarthar na tíre giota beag istigh ón gcósta. Tá sé suas Abhainn an Chaparo ó Chorcach Mhangróbh Caroui, an chorcach is mó sa tír agus a tharraingíonn a lán turasóirí mar gheall ar fheabhas an dúlra ann.

Rugadh V. S. Naipaul, úrscéal a bronnadh Duais Nobel na Litríochta air in Lion House (Anand Bhavan), in Chaguanas. Is de mhuintir Capildeo é Naipaul, teaghlach mór polaiteoirí agus scríbhneoirí, a chónaíonn go traidisiúnta in Lion House.