Charles Algernon Parsons

innealtóir Sasanach

Deartháir le Laurence Parsons, agus mac le William is Mary, innealtóir a rugadh i Londain ab ea an Ridire Charles Algernon Parsons (13 Meitheamh 185411 Feabhra 1931). Tógadh agus oileadh Parsons i gContae Uíbh Fhailí in Éirinn.

Infotaula de personaThe Honourable (en) Aistrigh
Charles Algernon Parsons

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith13 Meitheamh 1854
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Feabhra 1931
76 bliana d'aois
Kingston (Colony of Jamaica)
Siocair bháisPeripheral neuropathy (en) Aistrigh
Áit adhlacthaOllscoil Naomh Eoin Cuir in eagar ar Wikidata
Ard-Shirriam Northumberland
1910 – 1911 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Ollscoil Naomh Eoin Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilMáistir Ealaíon
Gníomhaíocht
Réimse oibreTuirbín gaile
Gairminnealtóir, cumadóir, duine den lucht gnó Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirHeaton (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileKatharine, An Bhantiarna Parsons (1883–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteRachel Parsons, Algernon George Parsons Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Parsons  agus Mary Parsons
SiblínLaurence Parsons

Find a Grave: 21265 Cuir in eagar ar Wikidata

Sa bhliain 1884 shaothraigh sé an chéad tuirbín éifeachtach gaile ardluais chun leictreachas a ghiniúint, agus d'aithin a chumas i gcomhair tiomáint loinge. I 1897 thóg sé an chéad long a bhí tiomáinte ag inneall tuirbín gaile, an Turbinia, a bhí in ann taisteal ag 34 mhuirmhíle, i bhfad níos mó ná uasluas longa gaile go dtí sin. Bhí sé seo réabhlóideach in iompar muirí. Tógadh an chéad scriostóir a bhí fuinnmhithe le tuirbín, an Dreadnought, i 1906, rud a chuir gach long chogaidh eile i léig. Athchóiríodh nó athnuadh longa cogaidh uile na Breataine leis an tiomáint seo. Cuireadh i longa paisinéirí freisin í, an Lusitania a cuireadh go tóin le toirpéad amach ó Chóbh i 1915, agus an Mauritania a bhuaigh an ribín gorm as an aistear is tapa trasna an Atlantaigh i 1907 is 1929. I 1925 cheangail a chomhlacht Parsons le comhlacht Howard Grubb chun comhlacht nua a bhunú i Newcastle upon Tyne. I gcuan Kingston Iamáice a fuair sé bás sa bhliain 1931.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Charles Algernon Parsons". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 507.