Síceapatach míchlúiteach Meiriceánach ab ea Charles Manson (12 Samhain 1934 i Cincinnati, Ohio - 19 Samhain 2017 iBakersfield, California).[1] Bhí sé i gceannas ar chomún hipithe i gCalifornia go deireanach sna seascaidí, común ar a dtugtaí The Manson Family - "Muintir Mhanson". I Mí Lúnasa 1969, mharaigh baill dá chomún Sharon Tate - bean chéile an stiúrthóra scannán Roman Polański - agus roinnt daoine a bhí ar cuairt ag Tate. Ó ba é Manson a ghríosaigh chun na coire seo iad, dhearc an chúirt air mar phríomhchoirpeach, agus daoradh chun báis é. Níor cuireadh an pionós i gcrích riamh, nó cuireadh an pionós báis ar ceal i stát California, agus fágadh Manson ag cur príosúnacht saoil de ina áit.

Infotaula de personaCharles Manson

(2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Charles Milles Manson
Beathaisnéis
Breith(en) Charles Milles Maddox
12 Samhain 1934
Cincinnati, Ohio, Ohio Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Samhain 2017
83 bliana d'aois
Bakersfield, California, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse cholaireictach agus stad cairdiach)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síNational Training School for Boys (en) Aistrigh
Ardscoil Arroyo
Gibault School for Boys (en) Aistrigh
Pasadena City College (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSpahn Ranch (en) Aistrigh
Airde157 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcoirpeach, sraithmharfóir, ceannaire cultais, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
UirlisGiotár
Eile
CéileRosalie Willis
Leona Stevens Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh idúnmharú (1971)
→ (capital punishment in the United States (en) Aistrigh, príosúnacht saoil) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

Suíomh gréasáincharlesmanson.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0543909 Facebook: CharlesMansonOfficial Spotify: 1ALiu7S9gPJPSw122Ds1t2 Musicbrainz: db3d7002-d9e8-4803-82c4-d85dad3f29bb Songkick: 241208 Discogs: 58562 Find a Grave: 185340308 Deezer: 200900 Cuir in eagar ar Wikidata

Is gnách na focail Helter Skelter a shamhlú le Manson - "cosair easair" an leagan Gaeilge is fearr a aistríonn an bhrí a chuir Manson leis na focail. I ndiaidh na trialach, scaoil an cúisitheoir Vincent Bugliosi an teoiric timpeall go ndeachaigh an t-amhrán úd Helter Skelter leis na Beatles go domhain i bhfeidhm ar Mhanson, ionas gur thosaigh sé ag rámhailligh faoi chogadh mór na gciníocha, an Helter Skelter nó an Chosair Easair a bhí ar na bacáin, agus gur theastaigh uaidh an cogadh seo a thosú. Chreid sé go mairfeadh seisean agus a "mhuintir" beo i ndiaidh na Cosrach Easrach féin, nuair a bheadh an chuid eile den chine dhaonna tar éis ródach agus eirleach a dhéanamh ar a chéile. Bhí "Muintir Mhanson" ag déanamh ceoil dá gcuid féin le spreagadh a thabhairt don "Chosair Easair", fiú.

Thosaigh "Muintir Mhanson" ag teacht le chéile nuair nach raibh i Manson ach iarphríosúnach dífhostaithe a raibh an chuid ab fhearr dá shaol caite aige sna scoileanna ceartúcháin agus sna príosúin. Bhí caidreamh éigin aige le Dennis Wilson, duine de na Beach Boys, agus stádas éigin aige i saol an phopcheoil i gCalifornia. Nuair a caitheadh Manson i dtóin phríosúin i ndiaidh na ndúnmharuithe míchlúiteacha, chuir popcheoltóirí eile suim ina chuid saothar freisin, agus chuaigh cuid mhaith acu ar taifeadadh. Roimhe sin féin, thaifead na Beach Boys amhrán amháin le Manson, Never Learn Not to Love, cé nár luaigh siad fear scríofa an amhráin ar chlúdach an cheirnín. Le déanaí, thaifead popcheoltóirí ar nós Guns N' Roses agus Marilyn Manson (sic!) amhráin a tháinig ó pheann Charles Manson.

Daoradh Manson chun báis ar dtús, ach sa bhliain 1972, cuireadh an pionós báis ar ceal i gCalifornia, agus tiontaíodh na breitheanna báis go léir ina mbreitheanna príosúnachta saoil. Chuaigh an pionós báis in úsáid i gCalifornia in athuair ina dhiaidh sin, ach ní raibh an t-athrú seo aisghníomhach, agus mar sin, níor cuireadh Manson chun báis riamh.

Bhí Manson i bPríosún Stáit Corcoran, in aice le Hanford, California, go dtí a bhás sa bhliain 2017.

Saol cuir in eagar

 
1955

Óige cuir in eagar

Saolaíodh do chailín óg sé bliana déag é i Cincinnati. Kathleen Maddox a bhí ar an ngirseach, agus is é an chéad ainm a cuireadh sna rollaí dó ná "gan ainm Maddox". Trí seachtaine i ndiaidh a bhreithe, áfach, luaigh an teastas breithe an t-ainm úd Charles Milles Maddox leis. Fuair sé an sloinne úd Manson ón bhfear a phós a mháthair ina dhiaidh sin, ach dealraíonn sé gur fear darbh ainm Colonel Scott ab athair do Charles óg i gceart. Is dócha gur ainm nó leasainm a bhí i gceist le "Colonel", nó ní coirnéal ná captaen a bhí ann ar aon nós ach sclábhaí nó spailpín - fear oibre taistil - a bhí ag obair ar láithreán tógála damba in aice le Cincinnati. De réir foinsí áirithe, ba Afrai-Mheiriceánach é "Colonel Scott", is é sin, fear gorm, ach shéan Manson féin an ráiteas seo.

Bhí Kathleen tugtha don druncaeireacht, agus ba chuma sa diabhal léi faoi leas an bhuachalla. Uair amháin, fiú, dhíol sí a mac le bean leanna nach raibh clann aici - is dócha go raibh airgead ólacháin ag teastáil ó Kathleen. B'éigean d'uncail Charles é a cheannach ar ais ó bhean an leanna, cúpla lá ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1939, daoradh Kathleen chun cúig bliana príosúnachta i ndiaidh di iarracht robála a dhéanamh, ba iad a aintín agus a uncail a ghlac chucu é, agus shocraigh sé síos ina dteach siúd i McMechen, Virginia Thiar. Trí bliana ina dhiaidh sin, scaoileadh saor le Kathleen ar parúl, agus ansin, chaitheadh sise agus an mac a saol in óstlanna raiceáilte. Sa bhliain 1947, d'fhéach an mháthair áit altrama a fháil do Charles, agus níor éirigh léi go rómhaith. Ar dtús, cuireadh Charles in áras altrama Gibault i dTerre Haute, Indiana, ach d'éalaigh an buachaill ón áit sin i ndiaidh deich míosa. Chuaigh sé ar ais chuig a mháthair, ach ní raibh fáilte ar bith roimhe ansin.

Chuaigh Charles go hIndianapolis as a stuaim féin, agus ansin, thosaigh sé ag buirgléireacht. Rugadh air nuair a ghoid sé rothar, agus cuireadh in ionad ceartúcháin na n-ógchiontóirí in Indianapolis é. D'éalaigh sé ón áit sin i ndiaidh aon lá amháin. Ansin, rinne sagart Caitliceach a casadh air in ionad na n-ógchiontóirí, rinne sé iarracht áit a shocrú do Charles i mBoys Town, áras altrama in Omaha a raibh clú agus cáil air.

Níor fhan sé ansin ach ceithre lá. D'éalaigh sé leis i gcuideachta buachalla eile, agus ag triall ar uncail an bhuachalla eile dóibh, rinne siad dhá robáil armtha.

 
1968

Rugadh ar Charles agus é i mbun buirgléireachta, agus nuair a bhí sé trí bliana déag d'aois, cuireadh go scoil cheartúcháin eile é, mar atá, Indiana School for Boys. Dúirt Manson ní ba deireanaí gur tugadh gach cineál drochíde dó ansin, agus sa bhliain 1951, theith sé as an scoil seo freisin, in éineacht le beirt bhuachaillí eile.

Ghoid an drong seo cúpla gluaisteán agus thug siad aghaidh ar Chalifornia, agus iad ag déanamh buirgléireachta ar na stáisiúin pheitril. Ó bhí siad tar éis teorainneacha idir stáit a thrasnú agus iad i mbun na hoibre seo, ba choirpigh ar leibhéal feidearálach iad anois, agus mar sin, cuireadh Charles Manson i scoil cheartúcháin i Washington, D.C. a bhí faoi stiúir na n-údarás feidearálach. An chéad chomhoibrí de chuid na scoile sin a fuair aithne ar Charles Manson, is é an breithiúnas a thug sé air gur duine foghach frithshóisialta a bhí ann. De réir a shainuimhreach intleachta, bhí Manson ní ba éirimiúla ná an meán, ach cé go raibh ceithre bliana scolaíochta curtha de aige, ní raibh léamh ná scríobh aige san am.

I Mí Dheireadh Fómhair 1951, de réir mar a mhol a shíciatraí, cuireadh Charles Manson go Natural Bridge Honor Camp, áit nach raibh chomh dian leis an scoil cheartúcháin i Washington. Bhí na húdaráis ag ceapadh scaoileadh saor le Charles ar parúl, ach i Mí Feabhra 1952, sula bhfuair sé éisteacht os comhair an choiste a bhí leis an gcinneadh seo a ghlacadh, d'ionsaigh sé buachaill eile go gránna agus thug sé drochíde chollaí dó. Anois, ní raibh trácht ar bith ar an bparúl a thuilleadh. Glacadh leis go raibh sé dainséarach, agus cuireadh go scoil cheartúcháin eile arís - i bPetersburg, Virginia. Ní raibh sé á iompar go sibhialta san áit seo ach an oiread, agus d'aistrigh na húdaráis go scoil cheartúcháin eile arís é le teacht an Fhómhair. Bhí an scoil nua i Chillicothe, Ohio, agus smacht i bhfad ní ba déine i bhfeidhm ansin ná sna scoileanna eile.

 
1971

A chéad phósadh cuir in eagar

I dtús báire, bhí an chuma ar an scéal go raibh an diansmacht ag dul chun sochair do Charles óg. Thosaigh sé ag tabhairt urraime do rialacha na háite i ndiaidh an chéad mhí a chaitheamh ansin, agus bhí sé sásta obair fhónta a dhéanamh agus léann is oideachas a thógáil go tiubh. Mar sin, bhain sé an parúl amach i mBealtaine 1954, ar acht go mbeadh cónaí air i dteach a aint is a uncail i Virginia Thiar. Níor thug sé aird ar bith ar an gcoinníoll seo, áfach, nó b'fhearr leis dul a chónaí in aontíos lena mháthair. Bliain ina dhiaidh sin, áfach, phós sé Rosalie Jean Willis, bean a bhí ag obair i gcaifitéire otharlainne. Le bia agus beatha a choinneáil leis an mbeirt acu, bhí Charles ag jabaireacht oibre agus ag goid gluaisteán.

I samhradh na bliana 1955, ghoid Manson gluaisteán le tiomáint go dtí Los Angeles i gcuideachta a mhná céile a bhí ag iompar clainne faoin am seo. Trí mhí ina dhiaidh sin, cuireadh an dlí air arís agus é i ndiaidh gluaisteán goidte a thabhairt thar teorainn amach. Chuaigh sé faoi shúil an tsíciatraí, agus fágadh ar promhadh go ceann cúig bliana é. Nuair nár tháinig sé chun na cúirte i Los Angeles, áit a raibh ábhar cosúil i gcaingean ina aghaidh, gabhadh in Indianapolis é, agus cuireadh an promhadh ar ceal. Ghearr an chúirt trí bliana príosúnachta dó i San Pedro, California.

Nuair a bhí Manson ag cur a théarma príosúnachta de, tháinig a mhac chun saoil, Charles Óg. Sa chéad bhliain a chaith sé sa phríosún, bhíodh a bhean chéile agus a mháthair ag teacht ar cuairt chuige, ach ansin, staon a bhean ón gcuartaíocht seo, agus i Márta 1957, d'inis a mháthair do Charles go raibh fear eile ag a bhean chéile anois. Bhí parúl ar na bacáin, agus Manson le héisteacht a fháil mar ullmhúchán don chinneadh. Níos lú ná coicís roimh an éisteacht, áfach, ghoid Manson gluaisteán agus é ag iarraidh éalú. Baineadh an bhearna de, agus diúltaíodh faoi pharúl é.

 
2009

Dara pósadh cuir in eagar

Sa deireadh, ligeadh ar parúl cúig bliana é. Scaoileadh saor é i Meán Fómhair 1958. Sa bhliain chéanna, fuair a bhean colscaradh uaidh. Bhí sé thar barr ag glacadh buntáiste ar mhná óga, áfach. Bhí sé ina mháistir ag striapach sé bliana déag, agus san am chéanna, bhí sé ag baint leasa as cailín saibhir. Fuair sé é féin i bhfianaise an dlí arís i Meán Fómhair 1959. An uair seo, ba é an t-ábhar a bhí i gcaingean ná go ndearna sé iarracht seic brionnaithe státchiste a shóinseáil. D'admhaigh Manson go raibh sé ciontach, ach mar sin féin, scaoileadh saor ar parúl é, ó bhí striapach óg darbh ainm Leona - "Candy Stevens" a dtugadh sí uirthi féin agus í ag dul le striapachas - ag impí ar na breithiúna go raibh sí dúnta i ngrá le Manson agus go bpósfadh sí é dá bhfaighfí cead a chos aige. Phós siad ceart go leor, ach nuair a bhí sé ag trasnú theorainn California le Candy agus bean eile a thabhairt go Nua-Mheicsiceo le haghaidh striapachais, cheap na póilíní é le haghaidh ceastóireachta. Is amhlaidh a bhí Manson ag sárú "Acht Mann", an t-acht feidearálach a chuireann cosc ar iompar na mban ó stát go stát le haghaidh striapachais. Níor caitheadh Manson i dtóin phríosúin an turas seo, ach shíl sé go raibh fiosrú éigin ar siúl ina aghaidh, agus chuaigh sé ar a theitheadh ón dlí. Bhí an ceart aige go raibh fiosrú ar bun, agus nuair a chaill na húdaráis radharc air, d'eisigh siad barántas binse air. In Aibreán 1960, rinneadh díotáil air as an sárú a rinne sé ar Acht Mann. Nuair a rugadh ar striapach dá chuid-sean i Laredo, Texas i Mí an Mheithimh 1960, tháinig na húdaráis ar rian Manson féin, agus gabhadh é. Tugadh ar ais go dtí Los Angeles é. Ó bhí sé tar éis chuntair a phromhaidh a shárú, chaithfeadh sé iomlán na ndeich mbliana príosúnachta a chur de a bhí gearrtha dó as brionnú an tseic státchiste.

I Mí Iúil 1961, tugadh Manson ó Phríosún Contae Los Angeles go Peannadlann na Stát Aontaithe i McNeil Island (Oileán Mhic Néill) i Stát Washington. Níor bacadh le sárú Acht Mann. Ba é brionnú an tseic ba phríomhchúis leis an bpríosúnacht seo, agus ós coir fheidearálach a bhí ann, mar a deirtear sna Stáit - coir in aghaidh dhlí na Stát go léir, seachas aon Stát amháin - chaithfeadh sé an téarma a chur de i bpeannadlann fheidearálach, seachas príosún áitiúil. Sa tuairisc bhliantúil a thug foireann na peannadlainne ar Mhanson i Meán Fómhair 1961, dúradh go raibh Manson i gcónaí ag iarraidh súil na ndaoine eile a tharraingt air féin - gur theastaigh uaidh a bheith ina phocaide i lár an aonaigh. Sin é an breithiúnas a tugadh air i dtuairisc eile ón mbliain 1964. Sa bhliain 1963, fuair Leona, "Candy Stevens", colscaradh ó Mhanson. D'áitigh sí gur saolaíodh mac di arbh é Manson a athair, agus gurbh é an t-ainm a bhaist sí ar an leanbh ná Charles Luther Manson.

"Muintir Mhanson" cuir in eagar

Dúirt Manson gur chuir sé suim i gcóras feidhmithe a intinne féin san am sin, agus gur theastaigh uaidh tuilleadh a fhoghlaim faoi na daoine agus faoi na creidimh éagsúla. Chuir sé suim san Eoleolaíocht ach go háirithe, nó phioc sé suas uraiceacht na fealsúnachta seo ó fhear a bhí ag cur isteach a théarma príosúnachta sa chillín chéanna. Nuair a d'fhiafraigh foireann na peannadlainne de, cén reiligiún a bhí á chleachtadh aige, is é an freagra a thug sé san am seo gur Eoleolaí a bhí ann féin. Ní raibh an fhoireann ag aontú leis, áfach. Dúirt siad ina gcuid tráchtaireachta féin nach raibh Manson ábalta cloí le haon chreideamh ach ar feadh tamaill ghairid, agus nach raibh sé in ann mórán leasa a bhaint as aon cheann acu. Iar-Eoleolaí a bhí in Bruce Davis freisin, fear a bhí ina chomhchoirí ag Manson i bhfad ní ba deireanaí: chaith Davis seal sna hEoleolaithe i Londain sna blianta 1968-69, ach tugadh bata agus bóthar dó go luath, ó bhí sé ag plé le drugaí.

 
2017

Sa bhliain 1966, haistríodh Manson go Terminal Island, príosún feidearálach i Los Angeles. Bhí sé le cead a chos a fháil go luath ina dhiaidh sin. Ó bhí sé tar éis níos mó ná leath a shaoil a chaitheamh i bpríosúin éagsúla, d'iarr sé ar na húdaráis go gcoinneofaí istigh é fiú i ndiaidh dó a théarma a chríochnú, ach diúltaíodh dó.

Nuair a scaoileadh saor é, shocraigh sé síos i mBerkeley, California. Bhí sé in ann cúpla corda a sheinm ar an ngiotár, agus thosaigh sé ag buscáil mar shlí bheatha. Fuair sé aithne ar chúntóir óg leabharlainne darbh ainm Mary Brunner, agus chuaigh siad ina gcónaí in aontíos. Bhí Manson ag cur suime i mná eile chomh maith, agus chuir na cailíní seo fúthu sa teach chéanna, rud nár thaitin le Brunner, ach dealraíonn sé nach raibh cead cainte ná cáinte aici. Sa deireadh thiar thall, bhí ochtar ban déag ina gcónaí ansin in éineacht le Manson agus Brunner.

Bhí Manson ag teacht i dtír ar atmaisféar na linne, nuair a bhí tóir buile ar gach sórt rúndiamhra. Thosaigh sé ag craobhscaoileadh a fhealsúnachta féin: bhí an tsalacharaíl Eoleolaíochta ann agus í measctha tríd na rudaí eile a d'fhoghlaim sé thall agus abhus. Tharraing sé na cailíní óga chuige féin leis an bhfastaím seo, agus dealraíonn sé gur thaistil sé i bhfad ó California le tuilleadh lucht leanúna a fhostú.

Cuireadh an chéad síol leis na dúnmharuithe míchlúiteacha faoi dheireadh an earraigh sa bhliain 1968. Deirtear go bhfuair beirt bhan de chuid Mhanson síob ó Dennis Wilson, drumadóir na mBeach Boys, agus d'fháiltigh sé isteach chuige iad ina theach i bPacific Palisades. An lá arna mhárach, agus é ag filleadh abhaile ó sheisiún taifeadta, fuair Wilson roimhe dháréag agus píobaire ina theach - dháréag de lucht leanúna Mhanson maille lena ngúrú féin. Baineadh scanradh as Wilson, ach d'áitigh Manson air nár bhaol dó, agus é, fiú, ag pógadh chosa an cheoltóra lena ómós a chur in iúl dó. De réir a chéile, rinne muintir Mhanson a gcuid féin de theach Wilson. Sa deireadh thiar thall, chosain na cuairteoirí seo timpeall ar chéad míle dollar ar Wilson: raiceáil duine acu ceann de ghluaisteáin Wilson, mar shampla, agus nuair a bhuail an gónairith duine acu, ní raibh an chuid eile i bhfad ag tolgadh an ghalair chéanna - ar ndóigh, ba é Wilson a d'íoc an scot leis an dochtúir.

Ba é Wilson freisin a d'íoc leis na stiúideonna nuair a theastaigh ón tseict amhráin leis an ngúrú a thaifeadadh. Chuir Wilson Manson in aithne do lucht an ghnó siamsaíochta, cosúil le Gregg Jakobson, Rudi Altobelli, agus Terry Melcher, léiritheoirí ceoil. Chuaigh Charles Manson go mór i gcion ar Jakobson, agus bhí sé sásta urraíocht a thabhairt don ghúrú freisin. San am seo, bhí Melcher ina chónaí i dteach mór in Benedict Canyon (ceantar i Los Angeles in aice le Sherman Oaks, siar ó thuaidh ó Beverly Hills), teach a bhí ar cíos aige ó Altobelli. Nuair a d'aistrigh Melcher go teach eile, fuair Altobelli tionóntaí nua - Roman Polański agus Sharon Tate.

I Lúnasa 1968, d'ordaigh bainisteoir Dennis Wilson do mhuintir Mhanson imeacht leo as teach an cheoltóra, ó nach raibh an áit ach ar cíos ag Wilson, agus an léas a bhí aige uirthi ag dul as feidhm. Roimhe sin féin, áfach, bhí muintir Mhanson ar lorg gnáthóg eile, agus shocraigh siad síos ar Spahn Ranch, feirm os cionn Topanga Canyon. Áit scannánaíochta a bhí i Spahn Ranch, agus sna laethanta a bhí, is iomaí scannán buachaillí bó a rinneadh ar an bhfeirm, ach san am seo, bhí an áit ag dul chun donais agus na foirgnimh ag lobhadh. Maidir le George Spahn, úinéir na háite a bhaist a ainm ar an bhfeirm, bhí sé ceithre scór bliain d'aois faoin am sin, agus radharc a shúl ag tréigean. Bhí muintir Mhanson sásta timireacht oibre a dhéanamh timpeall na feirme, agus d'ordaigh Manson do na cailíní faoiseamh collaí a thabhairt don tseanfhear chomh maith.

I dtús Mhí na Samhna 1968, fuair Manson seilbh ar dhá fheirm eile a ndearna sé bunáiteanna díobh dá "mhuintir", agus iad suite in Death Valley. Ceann acu, Myers Ranch, ba le máthair mhór Cathy Gillies é - bean de chuid Mhanson ab ea Cathy. Barker Ranch a bhí ar an gceann eile. Chuir Manson é féin in aithne don tseanbhean ar léi an áit mar phopcheoltóir. Bhí Manson tar éis seilbh a ghlacadh ar cheann de na ceirníní óir a fuair Dennis Wilson mar dhuaiseanna as amhráin na mBeach Boys, agus thug Manson an ceirnín don tseanbhean mar bhronntanas. Gheall sé freisin go mbeadh a mhuintir sásta caoi a chur ar an bhfeirm, dulta chun donais mar a bhí sí.

An Chosair Easair cuir in eagar

 
Never Learn Not to Love le The Beach Boys nó Cease to Exist, le Charles Manson

Faoin am seo, tháinig Albam Bán na mBeatles amach. Bhí dúil nimhe ag Manson i saothar na mBeatles roimhe sin féin, ach má bhí féin, chuaigh an ceirnín seo sa smior aige. Shíl sé gurb é cogadh na gciníocha ba bhrí le teideal an amhráin úd Helter Skelter, agus thosaigh sé ag scéalaíocht faoin helter skelter, faoin gcosair easair, a dhéanfaí de na Stáit Aontaithe nuair a d'éireodh an cine gorm amach. Chuir sé béim ar an ngeit a bhain dúnmharú Mhartin Luther King as na Gormaigh, agus é suite siúráilte go sílfeadh na Gormaigh gur tháinig deireadh le bealach na síochána le bás King agus go raibh sé in am acu dul chun cogaidh. Mhínigh sé dá mhuintir go raibh scéal an chogaidh seo le léamh i liricí an Albaim Bháin ag an té a raibh an tuiscint aige - ag Manson féin, gan dabht.

In Eanáir 1969, d'fhág Muintir Mhanson slán ag an bhfásach le socrú síos i dteach buí i gCanoga Park, teach ar ar bhaist Manson Yellow Submarine nó an Fomhuireán Buí, in ómós don amhrán leis na Beatles. D'áitigh Manson go gceadódh an áit dóibh súil an tsaoil mhóir a sheachaint, agus iad féin ag déanamh monatóireachta ar an dóigh a mbeadh cogadh na gciníocha, an Chosair Easair, ag forbairt.

I bhFeabhra 1969, bhí aisling an chogaidh sin críochnaithe in intinn Mhanson. Faoina cheannas féin, thaifeadfadh a Mhuintir ceirnín ceoil a chuirfeadh tús leis an gCosair Easair. Bheadh an cine geal ag marú na mílte Gormach go cruálach, d'agródh na Gormaigh díoltas lán chomh cruálach céanna, thiocfadh scoilt idir na Geala ciníocha agus na Geala nach mbeadh ag tacú le ciníochas, agus dhéanfadh an dá pháirtí seo léirscrios ar a chéile. Bheadh muintir Mhanson ag fanacht le deireadh na Cosrach Easrach i gcathair rúnda faoi thalamh in Death Valley, a d'áitigh Manson. Nuair a bheadh na Gormaigh tar éis an tír a shealbhú, thiocfadh muintir Mhanson chun solais arís le dul i gceannas orthu.

I dTeach an Fhomhuireáin Bhuí, bhí Muintir Mhanson ag staidéar na mapaí agus ag déanamh a gcuid téisclime lena n-éalú a dhéanamh i dtús na Cosrach Easrach. Bhí siad ag ullmhú an cheoil freisin a thaifeadfaidís le tús a chur leis an gcogadh. Bhí sé socraithe ag Manson go dtiocfadh Terry Melcher, an léiritheoir ceoil, go Teach an Fhomhuireáin Bhuí le cluas a thabhairt don cheol. Níor tháinig, rud a bhain mealladh as Manson. Is dócha gurbh é an mealladh seo a chuir ag déanamh a chuid dúnmharuithe é.

 
príosún Old Noblesville

Ar an 23 Márta 1969, rinne Manson treaspás ar an réadmhaoin i mBenedict Canyon ag 10050 Cielo Drive. Shíl seisean gur le Melcher an áit, ach le fírinne bhí Melcher tar éis aistriú go teach eile cúpla mí roimhe sin. Anois, bhí Polański agus Tate i ndiaidh an teach a fháil ar cíos ó Rudy Altobelli. Chuir an grianghrafadóir Sharokh Hatami, cara le Tate, sonrú i Manson agus chuaigh ag cur forráin air. Bhí Hatami ansin le grianghraif a thógáil de Tate roimh a turas go dtí an Róimh ar an eitleán an lá arna mhárach. Chonaic Hatami ar an bhfuinneog go raibh fear éigin amuigh os comhair an tí, agus chuaigh sé féin amach ar an bpóirse os comhair an tí le bleid a bhualadh ar an gcuairteoir aisteach seo. D'fhiafraigh sé de Mhanson, cén gnó a bhí aige san áit, agus d'inis Manson gurbh é Melcher a bhí ag teastáil uaidh, ach ní raibh Hatami eolach ar an mbaint a bhí ag Melcher leis an áit, is dócha: dúirt sé le Manson gur chóir dó triail a bhaint as an teach beag aíochta taobh thiar den teach mór. Níor tháinig Manson ar Melcher ansin, agus b'éigean dó filleadh abhaile.

Tháinig Manson ar ais tráthnóna, agus an iarracht seo fuair sé Altobelli, úinéir an tí, roimhe ansin. D'fhiafraigh sé d'Altobelli, cá ndeachaigh Melcher, agus is é an míniú a thug Altobelli go raibh Melcher i ndiaidh aistriú ón áit (rud ab fhíor dó) agus go raibh sé tar éis socrú síos in áit éigin i Malibu. Dúirt Altobelli freisin nach raibh a fhios aige seoladh nua Melcher (rud ba bhréag uaidh). Is é an tátal a bhain sé as Manson, áfach, gurbh é féin agus nárbh é Melcher a bhí ag teastáil ón gcuairteoir. Pé scéal é, chuir cosúlacht agus iompraíocht Mhanson eagla ar Sharon Tate, ní nárbh ionadh.

Ar an 18 Bealtaine 1969, tháinig Melcher ar cuairt go Spahn Ranch le fáil amach, an raibh a dhath le tairiscint ag muintir Mhanson ó thaobh an cheoil de. Ina dhiaidh sin, shocraigh Melcher go dtiocfadh seisean agus cara leis ar athchuairt ina dhiaidh sin, agus aonad gluaisteach taifeadta leo. Níor taifeadadh ceol mhuintir Mhanson ag an ócáid. De réir is mar a scríobh Simon Wells ina bheathaisnéis faoi Mhanson, Charles Manson - Coming Down Fast, bhí Melcher inbharúla go raibh fiúntas áirithe popchultúrtha ag baint leis na hairneáin a bhíodh ag Manson agus ag a "mhuintir" ar an bhfeirm nó i dteach an Fhomhuireáin Bhuí, agus iad ag tobchumadh ceoil go spontáineach agus ag déanamh comhrá, ach san am chéanna, níor chreid Melcher go raibh sé indéanta an t-atmaisféar seo a chur ar taifead i bhfoirm na fuaime amháin - bheadh tráchtearraíocht ní ba chuimsithí de dhíth. Sin é an tuige, go bunúsach, nár éirigh le Manson briseadh tríd i saol an phopcheoil i ndiaidh an iomláin.

Lámhachadh Lotsapoppa Crowe cuir in eagar

Ó Mhí an Mheithimh 1968 i leith, bhí Manson ag áitiú ar lucht a leanúna gurbh fhéidir go gcaithfidís, iad féin, "an bealach go dtí an Chosair Easair a thaispeáint don fhear ghorm", ó shíl sé "nach raibh an fear gorm sách cliste" le cogadh an dá chine a thosú as a stuaim féin. Ansin, thug Manson ar "Tex" Watson, a chúntóir dílis, airgead a thiomsú le haghaidh an chogaidh, agus is éard a rinne Watson ná cleas salach a imirt ar dhíoltóir drugaí darbh ainm Bernard Crowe, nó "Lotsapoppa" - fear gorm a bhí ann dála an scéil. Chuaigh Lotsapoppa ar mire agus gheall sé go maródh sé gach aon duine ar Spahn Ranch, agus ansin, tháinig Manson ar cuairt chuig Lotsapoppa ina árasán siúd i Hollywood. Scaoil Manson urchar ar Lotsapoppa ansin, agus chreid sé go raibh an díoltóir drugaí maraithe aige. Go gairid ina dhiaidh sin, bhí sé le léamh ar na nuachtáin gur tháinig na húdaráis ar fhear mharbh ghorm i Los Angeles a bhí ina bhall de na Black Panthers, agus shíl Manson gurbh é Lotsapoppa a bhí i gceist, cé nach raibh ann le fírinne ach gnáthchoirpeach. Bhí Manson suite siúráilte go n-ionsódh na Black Panthers Spahn Ranch anois, agus d'iompaigh sé an áit ina daingean armtha. Bhí baill de Mhuintir Mhanson ar patról timpeall na feirme de ló istoíche, agus raidhfilí ar iompar acu. Bhí an Chosair Easair ag teacht anois, dar le muintir Mhanson.

Dúnmharú Gary Hinman cuir in eagar

Ar an 25 Iúil 1969, d'ordaigh sé do Bobby Beausoleil - fear a mbíodh breac-chaidreamh éigin aige le muintir Mhanson - agus do bheirt bhan dá Mhuintir, Susan Atkins agus Mary Brunner, cuairt a thabhairt ar Gary Hinman, fear de lucht aitheantais na Muintire, leis an tsuim airgid a mhealladh uaidh a fuair sé mar oidhreacht - 21,000 dollar ar fad, mar a cheap Manson. Chuaigh an triúr go teach Hinman agus rinne siad príosúnach de, agus iad á choinneáil i mbraighdeanas ar feadh dhá lá. Lena linn sin, tháinig Manson ansin chomh maith, agus claíomh ar iompar leis. Ar dtús, bhain Manson cuid dá leathchluas de Hinman, agus sa deireadh, mharaigh Beausoleil é. Scríobh Manson nó duine de lucht a leanúna na focail political piggy ar an mballa le fuil an fhir mhairbh le súil is go gcuirfeadh an méid sin na póilíní ar an lorg mícheart.

Níos déanaí, agus é ag caint leis na hiriseoirí, dúirt Bobby Beausoleil go ndeachaigh sé chuig Hinman le hairgead a éileamh air, toisc go raibh daoine de Mhuintir Mhanson tar éis drugaí a cheannach ó Hinman nach raibh siad sásta leo. D'áitigh Beausoleil freisin nár tháinig na cailíní leis ach le dul ar cuairt chuig Hinman agus nach raibh a fhios acu an gnó a bhí aige féin chuig an bhfear. Ón taobh eile de, dúirt Susan Atkins sa dírbheathaisnéis a bhreac sí síos sa bhliain 1977 go bhfuair sise, Beausoleil agus Brunner ordú soiléir ó Mhanson Hinman a mharú agus a oidhreacht a ghoid.

 
Sharon Tate

Dúnmharú Sharon Tate cuir in eagar

Rug na póilíní ar Beausoleil ar an 6 Lúnasa 1969, nuair a chuir siad sonrú ann ag tiomáint ghluaisteán Hinman. Tháinig siad ar an arm ar baineadh úsáid as sa dúnmharú istigh sa ghluaisteán. Dhá lá ina dhiaidh sin, d'inis Manson dá mhuintir go raibh sé in am acu tús a chur leis an gCosair Easair.

Ar an 8 Lúnasa, le teacht na hoíche, d'ordaigh Manson do Tex Watson triúr cailíní - Susan Atkins, Linda Kasabian, agus Patricia Krenwinkel - a thabhairt leis go dtí an teach ina mbíodh cónaí ar Mhelcher agus gach aon duine san áit a mharú chomh cruálach agus ab fhéidir. Dúirt sé leis na cailíní orduithe Tex a chur i gcrích go mionchruinn. Bhí Krenwinkel ar bhean acu siúd ba thúisce a chuaigh sa Mhuintir, agus bhí sí ar bhean acu freisin a fuair síob ó Dennis Wilson.

Nuair a bhain an ceathrar amach an teach ag Cielo Drive, dhreap Tex in airde ar an gcrann teileafóin agus ghearr sé an tsreang ghutháin le féachaint chuige nach bhféadfadh muintir an tí aláram a chur ar na póilíní. Bhí Tex eolach ar an teach cheana, nó bhí sé ansin roimhe sin ag plé na gcúrsaí ceoil le Melcher thar cionn na Muintire.

Bhí an meán oíche agus an naoú lá de Lúnasa 1969 ann anois. D'fhág na hionsaitheoirí a ngluaisteán thíos agus ansin chuaigh siad suas an cnoc go dtí an teach. Nuair a phreab siad thar an gclaí, chonaic siad gluaisteán ag teacht, agus na ceannsoilse ag taitneamh orthu. D'ordaigh Tex Watson do na mná dul ar scáth na dtor a bhí ag fás timpeall an tí, thug sé comhartha don ghluaisteán stopadh, agus mharaigh sé an tiománaí le hurchar. Steven Parent a bhí ann, ógánach ocht mbliana déag a raibh a chara William Garretson ag obair ina fhear cothabhála sa teach.

Ansin, chuaigh Tex Watson isteach tríd an bhfuinneog agus lig sé isteach na cailíní trí dhoras mhór an tí. Nuair a bhí siad ag cogarnach le chéile, dhúisigh duine de mhuintir an tí, Wojciech Frykowski, cara Polannach de chuid fhear an tí. Thug Tex cic sa chloigeann dó, agus nuair a d'fhiafraigh Frykowski cérbh é féin, is é an freagra a fuair sé ná: "Is mise an diabhal, agus tháinig mé anseo le diabhlaíocht a dhéanamh."

 
Muintir Tate

De réir is mar a d'ordaigh Tex, chuaigh Susan Atkins ar lorg an triúir eile a raibh cónaí orthu sa teach agus thug sí go dtí an parlús iad. Ba iad Sharon Tate, agus í ag iompar clainne le hocht mí go leith, Jay Sebring, iar-leannán de chuid Tate a raibh clú air mar ghruagaire a chuireadh caoi ar fhoilt na ndaoine cáiliúla, agus Abigail Folger, banoidhre óg saibhir a raibh cumann grá aici le Frykowski. Bhí Roman Polański, fear an tí, i Londain ag obair ar scannán nua.

Thosaigh Tex Watson ag ceangal Tate agus Sebring dá chéile leis an rópa a thug sé leis, agus nuair a cháin Sebring é as an íde a bhí sé a thabhairt dóibh, scaoil Tex urchar leis. Tugadh Folger go seomra eile, áit ar thug sí seachtó dollar do na hionsaitheoirí. Ina dhiaidh sin, chrom Tex ar ghabháil den scian ar Sebrigh, agus sháigh sé faoi sheacht é.

Bhí lámha Frykowski ceangailte le tuáille, ach d'éirigh le Frykowski an ceangal a chroitheadh de, agus chuir sé troid ar Susan Atkins. Sháigh Atkins sa chos é le scian. Nuair a bhí sé ag déanamh a bhealaigh i dtreo an dorais mhóir, d'ionsaigh Tex Watson é. Bhuail Watson sa chloigeann é leis an ngunna, sháigh sé é agus scaoil sé urchair leis.

Bhí Linda Kasabian amuigh ar an gcabhsa lena linn seo. Nuair a chuala sí an gleo, tháinig sí isteach agus í ag áitiú ar a cuid cairde go raibh duine éigin chucu. Bhí sí ag iarraidh an t-eirleach a stopadh, de réir dealraimh, ach bhí fuar aici.

Istigh sa teach d'éalaigh Folger ó Krenwinkel, agus theith sí amach doras an tseomra codlata go dtí an linn snámha. Tháinig Krenwinkel sna sála aici, áfach, agus í á sá. Sa deireadh, bhain Krenwinkel tuisle aisti. Ba é Watson a mharaigh sa deireadh í, agus nuair a thángthas uirthi ina luí marbh, bhí ocht gcneá fichead uirthi. Maidir le Frykowski, nuair a bhí seisean ag iarraidh an féar taobh amuigh den teach a thrasnú, tháinig Watson ar a lorg le hé a shá arís. Nuair a fuarthas an marbhán, bhí aon chneá déag is dhá scór air.

Ansin, mharaigh Atkins, Watson, nó an bheirt acu Sharon Tate istigh sa teach, cé go raibh sí ag impí orthu go gceadóidís di a leanbh a shaolú. Bhí sí ag scairt ar a máthair féin go dtí gur shíothlaigh sí.

Roimhe sin, bhí sé socraithe ag Manson agus na cailíní go bhfágfaidís "comhartha a mbeadh blas asarlaíochta le haithint air" (a sign...something witchy) ar an áit i ndiaidh na coire. Sa deireadh, scríobh Atkins an focal Béarla pig ar dhoras mór an tí le fuil Tate. Ag dul abhaile dóibh, chuir na murdaróirí athrú éadaí orthu féin agus thréig siad na bratóga fuilteacha agus na hairm amuigh sna cnoic.

I ngéibheann i bpríosún na mban di ina dhiaidh sin - is é an príosún a bhí i gceist ná Sybil Brand Institute i gContae Los Angeles - bhí Susan Atkins ag maíomh gurbh í féin a mharaigh Tate. Ní ba déanaí, áfach, ba é an leagan a d'inis sí dá dhlíodóir, don chúisitheoir agus don choiste cúirte (an giúiré mór, nó an grand jury, i Meiriceá) gurbh é Tex Watson a sháigh Tate. Níl ráitis Watson féin faoin gceist seo ag teacht le chéile ach an oiread.

Dúnmharú Lánúin LaBianca cuir in eagar

An oíche i ndiaidh dhúnmharú Sharon Tate agus a chairde, chuir Charles Manson scuad nua dúnmharfóirí le chéile. Bhí sé míshásta leis an dóigh a ndearnadh an ródach i dteach mhuintir Tate, agus theastaigh uaidh "ceacht" a mhúineadh dá chuid cúlaistíní - "an dóigh cheart" a thaispeáint dóibh. Ar an scuad seo, bhí an ceathrar a bhí páirteach sna dúnmharuithe tigh Tate, chomh maith le Leslie Louise Van Houten agus Steve Dennis "Clem" Grogan. Bean de na cailíní i háram Mhanson ab ea ise. Maidir le "Clem" Grogan, bhí aithne éigin aige ar Dennis Wilson ó na Beach Boys. Thairis sin, bhí sé á iompar mar a bheadh sé ar chiall na bpáistí, ach is é an dearcadh a bhí ag a lán de Mhuintir Mhanson nach raibh sé ach á ligean air féin.

 

Sa deireadh, stop gluaisteán Mhanson agus a mhuintire ag 3301 Waverly Drive. Ansin a bhí cónaí ar Leno LaBianca, bainisteoir ollmhargaidh, agus a bhean chéile Rosemary, comhúinéir siopa éadaí. Bhí an áit suite i gceantar Los Feliz, Los Angeles|Los Feliz]], agus in aice leis, bhí teach ina raibh cóisir fhiáin ag Muintir Mhanson an bhliain roimhe sin.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Jeff Guinn (2013). "Manson: The Life and Times of Charles Manson". Simon Schuster. Dáta rochtana: 2021-03-29.