Christy Moore

ceoltóir Éireannach

Is ceoltóir Éireannach é Christopher Andrew Moore (Gaeilge: Críostóir Aindriú Ó Móra), nó Christy Moore mar is fearr aithne air, a rugadh ar 7 Bealtaine 1945 sa Droichead Nua, i gCill Dara.

Infotaula de personaChristy Moore

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Bealtaine 1945
78 bliana d'aois
Droichead Nua, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste an Droichid Nua Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, giotáraí, ceoltóir, cumadóir amhrán, ealaíontóir taifeadta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1969 –
Ball de
SeánraCeol Ceilteach
UirlisGiotár agus ceol gutha
Teaghlach
SiblínLuka Bloom

Suíomh gréasáinchristymoore.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: officialchristymoore Twitter: christymoore45 Youtube: UCMj0eFkv6XlxOrc77NSgI6A Spotify: 3Ebn7mKYzD0L3DaUB1gNJZ iTunes: 16670131 Musicbrainz: f931ccfa-5c64-4bee-94c0-32fb1a6876c3 Songkick: 48891 Discogs: 290085 Deezer: 3417 Cuir in eagar ar Wikidata

Tús a shaoil cuir in eagar

Rugadh Ó Móra i nDroichead Nua, Contae Chill Dara, Éire. Ar dtús, bhí sé ina fhostaí bainc a bhí ag iarraidh é féin a chuir in iúl trí mheán an cheoil traidisiúnta.

I rith stailc baince i 1966, a mhair dhá seachtaine déag, chuaigh sé go Sasana, ach níor fhill sé nuair a bhí an stailc socraithe. "Bhí am fiáin iontach agam i Sasana, gan bainisteoir baince ag féachaint thar mo ghualainn," a dúirt sé. Ag déanamh obair ginearálta a bhí sé agus sheinn sé i gclubanna tíre agus tithe tábhairne Éireannach go minic áit ar bhuail sé le Séamus Ennis, Margaret Barry, Lúcás Ó Ceallaigh, Mairtin Byrnes agus go leor ceoltóirí traidisiúnta eile.

Ceol cuir in eagar

 
Moving Hearts, Leeds Folk Festival, 1983

The Rakes of Kildare cuir in eagar

Chuir sé spéis sa cheol ó bhí sé an-óg. Sna 1960idí, bhunaigh sé The Rakes of Kildare lena chara Donal Lunny agus a dheartháir Frank Moore. Bhí Christy ina amhránaí, agus sheinn Frank an fheadóg stáin agus Donal an giotár.

D'eisigh Christy a chéad albam, Paddy on the Road, le Dominic Behan (deartháir le Brendan Behan).

 
Vicar Street, 2007

Planxty cuir in eagar

Bliain ina dhiaidh sin chuir Christy an grúpa Planxty le chéile, maille le Andy Irvine, Donal Lunny agus Liam Óg Ó Floinn. Bhí an-cháil ar an ngrúpa ar feadh na mblianta agus mheall siad na sluaite chun an cheoil in Éirinn agus thar lear. Ach níor aontaigh baill an ghrúpa le chéile agus d'fhág Moore iad.

Bothy Band cuir in eagar

Tháinig grúpa ceoltóirí le chéile i 1975 chun comóradh 21 bliain a dhéanamh ar Cheirníní Ghael Linn, seachtar de na ceoltóirí is fearr sa tír ag an am. Tugadh an Bothy Band orthu agus chuaigh a gcáil ar fud an domhain. Tháinig deireadh leis an Bothy Band i 1979.

Rinneadh Moore ceirnín speisialta i 1980 chun cabhrú le a thabhairt do na stailceoirí ocrais i 1980.

Moving Hearts cuir in eagar

Bhí Christy i Moving Hearts freisin, grúpa eile a raibh an-cháil air agus an-tionchar aige ar fhorbairt an cheoil in Éirinn. Bhain níos mó polaitíochta le hamhráin an ghrúpa seo, agus bhí tionchar láidir ag an gceol comhaimseartha rac ar a chuid ceoil.


 

Dioscliosta cuir in eagar

  • Planxty, 1973
  • The Well Below The Valley, 1973
  • Cold Blow And The Rainy Night, 1974
  • After The Break, 1979
  • The Woman I Loved So Well, 1980
  • Words & Music, 1983
  • The Planxty Collection, 1989
  • Live 2004, 2004
  • Moving Hearts (album)|Moving Hearts
  • The Dark End of the Street
  • Live Hearts
  • The Storm
  • 1975 The Bothy Band
  • 1976 Old Hag You Have Killed Me
  • 1977 Out Of The Wind
  • 1979 After Hours (Live in Paris)
  • 1983 Best Of The Bothy Band
  • 1994 Live at the Point
  • 1995 The Bothy Band - Live in Concert

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar