Ciarraí Locha na nAirní

Géag den dream Chiarraí ba ea Ciarraí Locha na nAirní (Sean-Ghaeilge Ciarraighe Locha na nÁirne), lonnaithe i gcúige Chonnacht, i lár oirthear Mhaigh Eo an lae inniu.

Stair cuir in eagar

Meastar go raibh tuath amháin tráth ag trí Chiarraí na gConnacht – Ciarraí Aoi, Ciarraí Airtigh and Ciarraí Locha na nAirní – a scaradh le teacht chun cinn Uí Bhriuin sna 8ú agus 9ú haoiseanna.

Bhí Ciarraí Locha na nAirní suite sa bharúntacht den ainm Coistealaigh in oirthear Chontae Mhaigh Eo.

Sliochtaigh cuir in eagar

Faoin 12ú haois déag, bhí an sloinne Ó Céirín glactha agus príomh-rítheaghlach Chiarraí Locha na nAirne.[1] Lonnaigh géag amháin acu i gContae an Chláir sa 15ú haois. Tá géag eile le fáil i gContae Chiarraí.[2]

Tagairtí sna hAnnála cuir in eagar

  • ACM 1155.10: Fiacha, mac Cethernaigh Uí Cheirín, tigherna Ciarraighe Locha na n-Airne, d'écc.
  • ALC 1210.14: Donnchadh Cairprech .H. Briain ... co Loch na n-Airne I Ciarraighe, & do ronsad crecha mora annsin
  • ACM 1224.14: Mathghamhain mac Cethernaigh Uí Cérin tighearna Ciarraighe Locha na n-Airneadh d'écc.
  • ACM 1266.6: Mathgamain mac Ceithernaigh Uí Ceirín tighearna Ciarraighe do marbadh la Gallaibh
  • AC 1315.13:
Imtusa[3] Maelruanaig Meic Diarmata ... ro aircestur o Sinaind co Caraid, ait a rabatur oirechta na Tri Ciarraigi .i. Ciarraigi Iartharach & Ciarraigi Moigi Ai & Ciarraigi Artig cona n-ellaigib uli & cona n-indilib
Iomthúsa Maolrúnaigh Mhic Dhiarmada, ... rinne sé creach ón Sionainn go Caraidh, áit a raibh oireacht na dTrí Chiarraí, .i. Ciarraí Iartharach, Ciarraí Mhaigh Aoi agus Ciarraí Airtigh, lena n-eallaí agus a n-innilí uile
  • AC 1316.3: atrochair ann Ruaidri h. Conchobair ri Condacht ... & Cormac Mac Cethernaig ri Ciarraigi

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Mayo Places: Their Names and Origins, Nollaig Ó Muraíle, 1985
  • The Carneys of Connacht, Nollaig Ó Muraíle, in Sages, Saints and Storytellers: Celtic Studies in Honour of Professor James Carney, pp. 342–357, ed. Ó Corráin, Breatnach and McCone, Maynooth, 1989. ISBN 1-870684-07-9.
  • Some Early Connacht Population Groups, Nollaig Ó Muraíle, in Seachas: Studies in Early and Medieval Irish Archaeology, History and Literature in Honour of Francis J. Byrne, ed. Alfred P. Smyth, Four Courts Press, Dublin, pp. 161–177, 2000. ISBN 1-85182-489-8.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Michael C. O'Laughlin, "The Book of Irish Families, Great & Small, lch. 164.
  2. Michael C. O'Laughlin, "Families of Co. Kerry, Ireland", lch. 87
  3. imthús (d), iomthúsa, maidir le, i dtaobh, ar eDIL