Cill Dhéagláin

áit lonnaithe

Is baile measartha mór í Cill Dheagláin[1] suite i gContae na Mí in Éireann thart ar 15km siaróthuaidh ó Bhaile Átha Cliath ar an mbóthar N2. Is baile fíorstairiúil é. Sa lá atá inniu ann tá neart áiseanna sa bhaile, ina measc, gaelscoil, dhá scoil náisiúnta, agus meánscoil freisin. Tá linn snámha, foirgneamh le haghaidh aclaíocht, ionad phobail agus níos mó.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Dhéagláin

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°30′44″N 6°23′54″W / 53.512296°N 6.398335°W / 53.512296; -6.398335
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae na Mí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde73 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1416702

Stair cuir in eagar

 
Príomhshráid Chill Dhéagláin

Tagann an t-ainm ó Eaglais Naomh Déagláin, ach níl an séipéal ann anois. Is ainm nua-aimseartha an ainm Béarla, Ashbourne. Cheannaigh Frederich Bourne (tá bóithre sa Bhaile ainmnithe dó) talamh timpeall na háite nuair a chuala sé go raibh bóthar le tógáil amach faoin dtuath chomh fada le Baile Shláine. Bhí sé ag iarradh na bóithre a chuir faoi dola agus airgead a thuilleadh astu. Thóg sé an Óstán Cill Dhéagláin do phaisinéirí a bhíodh ag taisteal tríd an bhaile.

Roimhe sin, bhí caisleán a thóg Oilibhéar Cromail ann agus rinne a mhac William cónaí ann. Níl an caisleán le feiceáil inniu, de bharr neamart. Tá reilig i ndeisceart an bhaile a tógadh sna mheánaoiseanna agus bhí séipéal beag ar an láthair freisin ach níl ach fothracha fágtha anois. Eachtra stairiúil a tharla san áit ná cath Chill Dhéagláin mar a thugtar ar. Tháinig Tomás Ághas múinteoir agus náisiúnaigh, agus ceannaire in Éirí Amach na Cásca, aduaidh agus troid sé cath i gCill Dhéagláin, an t-aon troid lasmuigh de Bháile Átha Cliath a bhí trácht ar. (breathnaigh ar Na hImeachtaí taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath san leathanach ar Éirí Amach na Cásca). Tá líne ó dhán Thomáis ("let me carry your cross for Ireland") ar an pláigh. Ar an séadchomhartha tá pictiúr de Thomás ar taobh amháin agus Íosa Chríost ar an dtaobh eile.

Go háitiúil glaotar an Croiss Ráth air.

Rudaí eile cuir in eagar

Dob é daonra an bhaile sa bhliain 2002 ná 6,362, ardú 27% ar an daonra sa bhliain 1996,de bharr sin is í Cill Dhéglain an tarna baile is mó sa Mhí i ndiaidh an Uaimh. Anois tá daonra thart ar 7,237 sa bhaile agus ceaptar go bhfuil an daonra chun ardú go dtí 15,000 sa bhliain 2012. Is baile tábhachtach í don chontae agus na bailte beaga máguaird. Tá neart áiseanna, siopaí, ionad phobail, leabharlann mór agus tuile ann. Rud amháin olc faoi ná líon an trácht.

Teangacha cuir in eagar

I 2006 bhí 8,528 daoine i gcónaí I Cill Dhéglain'. Bhí 3,136 (36.8%) ábalta Gaeilge a labhairt. Labhair 176 (2.1%) Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachas I 2006. In 2011 bhí 11,355 daoine I gcónaí I Cill Dhéglain. Bhí 3,692(32.6%) ábalta Gaeilge a labhairt. Labhair 2,376 (21%) teanga eile seachas GaeilgeBéarla sa bhaile. Bhí Polainnis an teanga iasachta is comónta le 606 (5.3%) cainteoirí.

Córas Iompair Phoiblí cuir in eagar

 
Séipéal na Deastógála ar an bPríomhshráid
 
Limistéar siopadóireachta an bhaile

Freastalaíonn Bus Éireann ar Cill Dheagláin ag taisteal go Baile Átha Cliath gach 20 nóiméad. Tá seirbhís bus Baile Átha Cliath ann freisin ach níl sé ag feidhmiú ach amháin san oíche ag tosú ag 11:30pm.

Tagairtí cuir in eagar