Feiste leictricheimiceach a gcruthaítear fuinneamh leictreach go leanúnach inti trí imoibriú ceimiceach idir breosla ([[go minic, hidrigin)[1]) mar hidrigin leachtach agus oibreán ocsaídeach (go minic, ocsaigin leachtach).[2] Forbraíodh i gcomhair spásárthach í chun leictreachas is uisce, mar fhotháirge fiúntach, a sholáthar le linn taistil.

Cill bhreosla
Léaráid de chille breosla a sheolann prótóin

Tá cealla breosla difriúil ón gcuid is mó de na ceallraí agus iad ag iarraidh foinse leanúnach breosla agus ocsaigine (ón aer de ghnáth) chun an t-imoibriú ceimiceach a choinneáil ar siúl, ach is iondúil gur as miotail agus as a n-ian nó a n-ocsaídí atá an fuinneamh ceimiceach atá, go coitianta, cheana féin i láthair sna ceallraí,[3] ach amháin i sreabhchadhnraí. Is féidir le cealla breosla leictreachas a tháirgeadh go leanúnach fad is a sholáthraítear breosla agus ocsaigin.

Ba é Sir William Grove a cheap na chéad chealla breosla sa bhliain 1838. D'úsáideadh an chéad chealla breosla tráchtála níos mó ná céad bliain ina dhiaidh sin tar éis do Francis Thomas Bacon an chill bhreosla hidrigine-ocsaigine a cheapadh sa bhliain 1932. D'úsáideadh an chill bhreosla alcaileach, ar a dtugtar an chill bhreosla Baconi ndiaidh a aireagóra, i gcláir spáis NASA ó lár na 1960idí chun cumhacht a ghiniúint do shatailítí agus do chapsúil spáis. Ó shin i leith, baineadh úsáid as cealla breosla i mórán feidhmchlár eile. Úsáidtear cealla breosla le haghaidh cumhachta príomhúla agus cúltaca d'fhoirgnimh thráchtála, thionsclaíocha agus chónaithe agus i gceantair iargúlta nó dorochtana. Úsáidtear iad freisin chun feithiclí cille breosla a chumhachtú, lena n-áirítear gluaisrothair, gluaisteáin, busanna, báid, gluaisrothair agus fomhuireáin.

Tá go leor cineálacha cealla breosla ann, ach is éard atá iontu go léir ná anóid, catóid, agus leictrilít a cheadaíonn iain, go minic iain hidrigine atá luchtaithe go deimhneachg (prótóin), gluaiseacht idir dhá thaobh na cille breosla. Ag an anóid is cúis le catalaíoch an t-imoibriú ocsaídithe sa bhreosla a ghineann iain (go minic iain hidrigine luchtaithe go deimhneach) agus leictreoin. Is féidir go mbeidh a leithéidí ina bhfoinsí neamh-thruaillithe fuinnimh leictrigh amach anseo nuair a thiocfaidh a gcostas anuas.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Schmidt-Rohr, K. (2015). "Why Combustions Are Always Exothermic, Yielding About 418 kJ per Mole of O2", J. Chem. Educ. 92: 2094-2099. https://doi.org/10.1021/acs.jchemed.5b00333
  2. Khurmi, R. S. (2014). "Material Science". S. Chand & Company. 
  3. Schmidt-Rohr, K. (2018). "How Batteries Store and Release Energy: Explaining Basic Electrochemistry" ‘’J. Chem. Educ.’’ 95: 1801-1810. https://doi.org/10.1021/acs.jchemed.8b00479