Cill leictreach since/chopair

Is cill shimplí leictreach nó cill Voltach í córas ina gcuirtear slat since is slat chopair i dtuaslagán caolaithe d'aigéad sulfarach. Tugtar leictreoid ar na píosai miotail seo atá sáite sa tuaslagán. Ag dromchla na since tuaslagtar iain since Zn++ agus fágtar na leictreoin ar an miotal. Mar sin éiríonn an leictreoid since níos diúltaí de réir a chéile, agus méadaíonn a fórsa aomtha ar na hiain dhearfacha since go dtí nach dtarlaíonn a thuilleadh tuaslagtha. Tagann an córas chuig staid ina bhfuil an leictreoid luchtaithe go diúltach is na hiain dhearfacha cruinnithe timpeall uirthi. Is gá obair a dhéanamh chun lucht dearfach a bhogadh isteach go dtí an leictreoid i gcoinne éaradh an chiseal ian dearfach. Is ionann sin is a rá go bhfuil an leictreoid since sin polaraithe de bhrí go bhfuil difríocht dhearfach poitéinsil leictrigh nó voltas dearfach idir an leictreoid is an tuaslagán i bhfad amach uaithi. Tarlaíonn an próiseas céanna ag an leictreoid chopair, ach ní hionann an poitéinseal leictreoide a bhíonn ag an gcopar is ag an tsinc. Bíonn voltas idir an dá leictreoid ansin, an tsinc dearfach i leith an chopair, mar a tharlaíonn, agus má cheanglaítear an dá leictreoid le sreang seoltóra, ritheann sruth ón leictreoid chopair tríd an bhfriotóir go dtí an leictreoid since, de réir dlí Ohm. Ritheann leictreoin on tsinc go dtí an copar tríd an gciorcad seachtrach. Méadaíonn sé sin an lucht diúltach ar an gcopar, agus laghdaíonn sé an lucht diúltach ar an tsinc. Dá bharr sin ascnaíonn iain dhearfacha hidrigine sa tuaslagán i dtreo an leictreoid chopair. Comhcheanglaíonn na hiain seo ina bpéirí le leictreoin ón gcopar, agus gintear móilíní hidrigine a chuimsíonn i mbolgáin gás hidrigine ansin. Ascnaíonn na hiain sulfáite dhiúltacha sa tuaslagán i dtreo an leictreoid since, áit a gcomhcheanglaíonn siad le hiain since. Sa tslí seo, tuaslagtar an leictreoid since diaidh ar ndiaidh.[1]

Cill leictreach since/chopair

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cill leictreach since/chopair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 135.