Is é atá i gceist le ciníochas ná smaoineamh nó claontacht a deir gur fearr ciníocha áirithe ná cinn eile.

Póstaer ó rialtas na Stát Aontaithe ag léiriú saighdiúir Seapánach mar fhrancach.
Póstaer 1862 le liricí amhrán dírithe ar Mhuintir na hÉireann (Irish Don't Need Apply), i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Is féidir leis an gciníochas seo a bheith bunaithe ar dhlíthe tíre ar nós an chórais apairtéid a bhí san Afraic Theas nó feiniméan leanúnach i measc phobail ar nós an fhrith-Ghiúdachais a bhí mar chúl taca don Uileloscadh le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Reáchtáiltear Lá Idirnáisiúnta um Idirdhealú Ciníoch a Dhíothú ar an 21 Márta.

Ionsaithe ciníocha cuir in eagar

Ciníochas in Éirinn cuir in eagar

Rinne comhlacht neamhspleách Pivotal taighde thar ceann an Choimisiúin Comhionannais Thuaisceart Éireann féachaint le faisnéis bheacht a fháil faoin gceist ‘Tionchar an Bhreatimeachta ar Mhionlaigh Eitneacha agus Inimircigh i dTuaisceart Éireann’. Scrúdaíodh fíorthaithí agus braistint na ndaoine chomh maith leis na torthaí shocheacnamaíocha a bhí agus a bheidh ag an mBreatimeacht ar na mionlaigh sin abhus.[1][2][3] D’airigh go leor gur thug Breatimeacht ugach do dhaoine chun naimhdeas d’inimircigh a nochtadh.

Bhí méadú ar eachtraí fuatha in aghaidh dhaoine ón Áise ó 2016, bliain an reifrinn a ghlac leis an mBreatimeacht agus ardú go ginearálta ar mhaslú nó ionsaí ar inimircigh/ Ina theannta sin ar fad bhí daoine míshuaimhneach, imníoch faoina stádas i ré an Bhreatimeachta.

Tagairtí cuir in eagar

  1. equalityni.org Equality Commission for Northern Ireland (2023). "IMPACT OF BREXIT ON MINORITY ETHNIC AND MIGRANT PEOPLE IN NORTHERN IRELAND". Dáta rochtana: 2023.
  2. Paul Ainsworth (2023-06-07). "Ethnic minorities believe racism in NI has risen since Brexit, report finds" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2023-06-12.
  3. "Racism ‘part of daily life’ in Northern Ireland after Brexit" (en). Irish Legal News (2023-06-08). Dáta rochtana: 2023-06-12.